Tag Ghearáin DPC:
Tag Fiosrúcháin DPC:_
Tag ÚCS Bheirlín:
Dáta: 14 Meán Fómhair 2022
Gearánach:
An Rialaitheoir Sonraí: Airbnb Ireland UC
ÁBHAR: [ ] V Airbnb Ireland UC
Is é atá sa doiciméad seo ná breith ó Choimisiún Cosanta Sonraí na hÉireann (“DPC”) i ndáil
le tagairt ghearáin DPC [ ] (dá ngairtear (“an Gearán”) anseo feasta), ar gearán é a thíolaic
[ ] (“Gearánach”) i gcoinne Airbnb Ireland UC (“Airbnb”) agus ar gearán é a tharchuir
Coimisinéir Cosanta Sonraí agus Saorála Faisnéise Bheirlín (“ÚCS Bheirlín”), arb é an t-
údarás maoirseachta lena mbaineann é agus arb é an t-údarás lenar taisceadh an gearán,
chuig Coimisiún Cosanta Sonraí na hÉireann (“DPC”) ina cháil mar phríomhúdarás
maoirseachta.
Tá an bhreith seo á déanamh de bhun na gcumhachtaí a thugtar don DPC le halt 113(2)(a)
den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (“an tAcht”) agus le hAirteagal 60 den Rialachán
Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“GDPR”).
Dréachtbhreith a chur in iúl do “na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann”
De réir Airteagal 60(3) de GDPR, bhí oibleagáid ar DPC an fhaisnéis ábhartha maidir le
próiseáil trasteorann a chur in iúl do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann, agus
dréachtbhreith a chur faoi bhráid na n-údarás sin lena dtuairim a fháil ina leith agus chun a
gcuid tuairimí a chur san áireamh go cuí.
De réir a oibleagáide, tharchuir DPC dréachtbhreith i ndáil leis an ábhar chuig “na húdaráis
mhaoirseachta lena mbaineann”. Ó tharla go dtairgeann Airbnb seirbhísí ar fud an Aontais
Eorpaigh agus, dá bhrí sin, gur dóigh go ndéanfadh an phróiseáil difear substaintiúil d’ábhair
shonraí i ngach ballstát AE, d’aithin DPC, mar chuid dá ról mar PÚM, go bhfuil gach údarás
maoirseachta ina údarás maoirseachta lena mbaineann de réir mar a shainmhínítear in
Airteagal 4(22) den GDPR. Ar an mbonnsin, rinneadh dréachtbhreith DPC i ndáil leis an
ngearán seo a tharchur chuig gach údarás maoirseachta san Aontas Eorpach agus sa
Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chun a dtuairimí a fháil ina leith.
Láimhseáil Gearán ag DPC - Amlíne agus Achoimre
1. Rinneadh an gearán a thaisceadh le ÚCS Bheirlín i dtosach agus, ina dhiaidh sin,
tarchuireadh chuig DPC é ar an 06 Márta 2020 tríd an gcóras teachtaireachtaí
meandrachta thar an idirlíon (IMI) le go bhféadfadh DPC é a láimhseáil mar chuid dá ról
mar phríomhúdarás maoirseachta. Líomhain an gearánach gur mhainnigh Airbnb freagairt
go cuí ar iarraidh ar léirscriosadh a bhí tíolactha acu le ríomhphost ar an 17 Lúnasa 2019
de bhun Airteagal 17 den GDPR. Ina theannta sin, luaigh an gearánach gurbh amhlaidh,
nuair a thíolaic siad a n-iarraidh ar léirscriosadh, gur iarr Airbnb orthu a gcéannacht a fhíorú
trí fhótachóip dá ndoiciméad céannachta (“DC) a chur ar fáil, ar doiciméad é nach raibh
tugtha acu do Airbnb roimhe sin. Dhiúltaigh an gearánach cóip dá DC a chur ar fáil agus
thug Airbnb rogha chun logáil isteach ina gcuntas chun a gcéannacht a fhíorú. Tar éis
logáil isteach ina gcuntas chun a gcéannacht a fhíorú, chuir Airbnb in iúl don ghearánach
go raibh tús curtha acu lena n-iarraidh ar scriosadh agus go scriosfaidís na sonraí go léir
a mhéid a cheadaíonn GDPR do Airbnb, nó a mhéid a cheanglaíonn GDPR ar Airbnb,
sonraí a choimeád. Ar an 24 Deireadh Fómhair 2019, dhaingnigh Airbnb don ghearánach
go ndearnadh na sonraí pearsanta dá gcuid a bhí á sealbhú ag Airbnb a scriosadh de réir
oibleagáidí Airbnb faoin GDPR.
2. Líomhnaigh an gearánach freisin go ndearna siad iarraidh ar rochtain a chur faoi bhráid
Airbnb le ríomhphost ar an 02 Meán Fómhair 2019 de bhun Airteagal 15 den GDPR agus
nach bhfuair siad aon fhreagra ar an iarraidh sin.
3. Chuir DPC in iúl do Airbnb go raibh an gearán faighte acu ar mhodh litreach ar an 08
Meitheamh 2020 agus chuir siad cóip den ghearán ar fáil do Airbnb.
4. D’fhreagair Airbnb litir DPC á dhaingniú gur scriosadh cuntas an ghearánaí. Chuir Airbnb
in iúl do DPC gur iarr an gearánach go ndéanfaí a gcuntas a scriosadh agus gur iarr Airbnb
orthu a gcéannacht a fhíorú, de réir a gcuid nósanna imeachta fíoraithe céannachta, trí DC
a sholáthar agus go bhfuil tuilleadh mionsonraí faoi na nósanna imeachta sin leagtha
amach in alt atá ar fáil ina ‘Ionad Cabhrach’. Luaigh Airbnb gur ardaigh an gearánach
ábhair imní i dtaobh cóip dá DC a chur ar fáil agus, dá bharr sin, gur fhíoraigh a gcuid
gníomhairí tacaíochta pobail céannacht an ghearánaigh trí úsáid a bhaint as modh
fíorúcháin eile, is é sin le rá, a iarraidh ar an ngearánach logáil isteach ina gcuntas Airbnb.
Chuir Airbnb in iúl do DPC gurbh amhlaidh, tar éis a gcéannacht a fhíorú, gur chuir a gcuid
gníomhairí don ghearánach go raibh an iarraidh ar scriosadh á próiseáil agus, freisin, go
bhféadfadh sé go gcoimeádfaí sonraí áirithe:
“Scriosfaidh Airbnb do chuid sonraí pearsanta ach amháin a mhéid a cheadaíonn GDPR dúinn,
nó a cheanglaíonn GDPR orainn, na sonraí sin a choimeád, Mar shampla, coimeádaimid sonraí
a bhfuil gá leo chun dlíthe a dtagaimid faoina réir a chomhlíonadh, chun saoirse tuairimíochta
agus faisnéise a fheidhmiú (amhail forléargais ar inneachair), agus chun éilimh dhlíthiúla a
shuíomh, a fheidhmiú agus a chosaint (amhail Faisnéis a bhaineann le díospóidí idir úsáideoirí)”.
5. De bhreis air sin, luaigh Airbnb gur chuir siad in iúl don ghearánach nach bhfaighidís aon
teachtaireachtaí ríomhphoist eile ó Airbnb.
6. Chuir Airbnb in iúl do DPC gurbh amhlaidh, ina dhiaidh sin, gur chuir an gearánach
teachtaireacht ríomhphoist chuig Airbnb ar an 24 Deireadh Fómhair 2019 inar iarradh
rochtain ar na sonraí pearsanta dá gcuid a bhí á gcoimeád, tar éis dháta an scriosta
contrártha do dhearbhú an ghearánaigh gur thíolaic siad a n-iarraidh ar rochtain ar an 02
Meán Fómhair 2019. Chuir Airbnb in iúl do DPC gurbh amhlaidh, ar an drochuair, nár
tugadh iarraidh an ghearánaigh don mheitheal ábhartha mar ábhar tosaíochta. Mar an
gcéanna, nuair a chuir an gearánach teachtaireacht ríomhphoist chuig meitheal tacaíochta
pobail Airbnb ar an 08 Samhain 2019 níor chuir an gníomhaire an iarraidh i mbaint le haon
chuntas ar leith ós rud é go raibh cuntas an ghearánaigh scriosta cheana féin. Chuir Airbnb
in iúl do DPC go raibh cúis an dearmaid sin á himscrúdú aige agus gur mhaith leis leithscéal
a ghabháil leis an ngearánach as aon chiotaí a rinneadh don ghearánach mar gheall ar an
earráid sin.
7. Chuir Airbnb in iúl do DPC go raibh próiseáil á déanamh, an tráth sin, ar an iarraidh ar
rochtain ón ngearánach tar éis an dáta scriosta.
8. Mar iarracht chun réiteach neamhachrannach ar an ngearán, d’fhreagair DPC an
gearánach trína chur in iúl dóibh go raibh cumarsáid déanta ag DPC le Airbnb faoin ábhar
seo. Chuir DPC in iúl don ghearánach gur luaigh Airbnb go ndearnadh a gcuntas agus
sonraí gaolmhar (lena n-áirítear taifeadtaí teileafóin) a scriosadh a mhéid a cheanglaítear
le RDCS ó tharla gur fhíoraigh siad a gcéannacht trí logáil isteach ina gcuntas Airbnb agus
nár soláthraíodh aon sonraí pearsanta eile chun na críche sin.
9. Chuir DPC in iúl don ghearánach gurbh amhlaidh, maidir lena n-iarraidh ar rochtain a
rinneadh tar éis a gcuntas a léirscriosadh, gur chuir Airbnb in iúl do DPC go ndéanfaí an
iarraidh sin a phróiseáil agus a eisiúint go díreach chucu le ríomhphost agus gur ceart go
mbeadh an comhfhreagras sin faighte acu cheana féin. Chuir DPC in iúl don ghearánach
gur luaigh Airbnb nár próiseáladh an iarraidh sin i dtosach ó tharla go raibh an cuntas
léirscriosta cheana féin agus gur ghabh Airbnb leithscéal as sin agus gur chuir siad an
míniú thíos ar fáil:
Chuir [ ] teachtaireacht ríomhphoist chuig Airbnb ar an 24 Deireadh Fómhair 2019 chun
rochtain a iarraidh ar na sonraí pearsanta dá cuid a bhí á gcoimeád tar éis an dáta
scriosta. Ar an drochuair, níor tugadh an iarraidh sin don mheitheal ábhartha
mar ábhar tosaíochta. Mar an gcéanna, nuair a chuir [ ] teachtaireacht ríomhphoist chuig
ár meitheal tacaíochta pobail ar an 8 Samhain 2019, níor chuir an gníomhaire an iarraidh i
mbaint le haon cuntas ar leith ós rud é go raibh cuntas [ ] scriosta cheana féin. Tá cúis an
dearmaid sin á himscrúdú againn agus ba mhaith linn leithscéal a ghabháil leat as aon
chiotaí a rinneadh mar gheall ar an earráid seo.”
10. D’fhreagair an gearánach ÚCS Bheirlín ar an 25 Samhain 2020 chun a chur in iúl nach
raibh siad sásta agus nár aontaigh siad leis an réiteach neamhachrannach ar a ngearán.
Fiosrúchán a Sheoladh
11. Ag gníomhú ina cháil mar phríomhúdarás maoirseachta dó, chuir DPC tús le Fiosrúchán
i ndáil leis an ábhar seo trí scríobh chuig Airbnb ar an 25 Márta 2021.
12. Chuir DPC in iúl do Airbnb go bhféachfadh an Fiosrúchán ar cuireadh tús leis an bhFógra
Tosaithe le scrúdú agus measúnacht a dhéanamh i dtaobh ar chomhlíon, nó nár
chomhlíon, Airbnb a oibleagáidí faoin GDPR agus faoin Acht, go háirithe faoi Airteagail 5,
6, 15 agus 17 den GDPR a mhéid a bhaineann leis na hoibríochtaí ábhartha próiseála is
ábhar don ghearán.
13. Chuir DPC in iúl do Airbnb gur bhain scóip an Fhiosrúcháin le scrúdú agus measúnacht
ar an méid seo a leanas:
a) An raibh bonn dlíthiúil ag Airbnb chun cóip de DC an ghearánaigh a iarraidh chun
céannacht an ghearánaigh a fhíorú in imthosca ina raibh iarraidh ar léirscriosadh
déanta acu de bhun Airteagal 17;
b) Scrúdú i dtaobh an raibh láimhseáil Airbnb i leith iarraidh an ghearánaigh ar
léirscriosadh comhlíontach i dtaca leis an GDPR agus i dtaca leis an Acht de; agus
c) Scrúdú i dtaobh an raibh láimhseáil Airbnb i leith iarraidh an ghearánaigh ar
rochtain comhlíontach i dtaca leis an GDPR agus i dtaca leis an Acht.
14. Chun an t-ábhar a chur ar aghaidh, chuir DPC ceisteanna sonracha maidir leis an iarraidh
ar léirscriosadh, maidir leis an iarraidh ar rochtain agus maidir leis an modh inar
láimhseáladh na hiarrataí sin.
15. Ina theannta sin, chuir an DPC in iúl don ghearánach i litir dar dáta an 25 Márta 2021 agus
a eisíodh chuig an ngearánach trí ÚCS Bheirlín go raibh tús curtha acu le fiosrúchán i ndáil
lena ngearán. Thug an DPC deis don ghearánach chun aon fhaisnéis a bhí curtha ar fáil
roimhe sin a tharraingt siar agus d’fhiafraigh siad an raibh aon fhaisnéis nua ag an
ngearánach ar mhaith leo a thíolacadh maidir leis an ngearán. Chomh maith leis sin, d’iarr
an DPC ar an ngearánach faisnéis shonrach a sholáthar maidir lena gcuid iarrataí ar
Airbnb.
16. Maidir leis na fiosruithe a d’ardaigh DPC ina Fhógra Tosaithe, d’fhreagair Airbnb iad le
ríomhphost ar an 23 Aibreán 2021. Ina fhreagra, chuir Airbnb in iúl go bhfuil a nósanna
imeachtaí fíoraithe céannachta ann chun ardán agus úsáideoirí Airbnb a chosaint de réir
a oibleagáidí faoin GDPR agus ar mhodh ina n-éascaítear agus ina gcoimircítear cearta
ábhar sonraí faoin GDPR. Luaigh Airbnb go n-athbhreithníonn sé a chuid beartas agus
nósanna imeachta go dícheallach lena chinntiú go gcomhlíonann siad na dlíthe go léir is
infheidhme, go léiríonn siad dea-chleachtais an tionscail agus go bhfuil siad i gcomhréir
leis an timpeallacht shóisialta, rialála agus teicneolaíochta ar laistigh di a oibríonn Airbnb
agus ar timpeallacht shíorathraitheach í. Thug Airbnb dá aire gurb amhlaidh, maidir leis
an bhFógra Tosaithe, gur iarr DPC freagraí cuimsitheacha ann ar fiosruithe éagsúla, lena
n-áirítear doiciméid fhorlíontacha agus ionchur ó thríú páirtithe, más gá, i ndáil le cuntas
úsáideora Airbnb a scriosadh sa bhliain 2019 tar éis iarraidh ar scriosadh a fháil ón
ngearánach. Luaigh Airbnb gurbh amhlaidh, d’ainneoin gur fhéach siad le freagra a
thabhairt ar DPC ar mhodh chomh cuimsitheach agus ab fhéidir, gur tháinig deacrachtaí
chun cinn le linn imscrúdú a dhéanamh faoi chuid de na saincheisteanna bunúsacha de
chineál fíorasach agus comhthéacsúil i gcás stairiúil den chineál seo i gcás nach ann don
chuntas ábhartha a thuilleadh. Lena rá go simplí, ó tharla gur scrios Airbnb cuntas an
ghearánaigh ar iarraidh a fháil ón ngearánach, bhí taifid Airbnb teoranta. Chuir Airbnb in
iúl go mbaineann an gearán le hiarraidh ar scriosadh a fíordheimhníodh agus a
próiseáladh gan mórán deacrachta don ghearánach agus le hiarraidh ar rochtain tar éis
an dáta scriosta a d’admhaigh sé cheana féin easnaimh áirithe neamhbheartaithe a
bheith bainteach leo ar thaobh Airbnb ach gur thug Airbnb aghaidh ar na heasnaimh sin a
luaithe a tarraingíodh aird Airbnb orthu. Luaigh Airbnb go raibh súil aige go ndéanfadh
DPC na hiarrachtaí a bhí déanta aige chun teacht ar réiteach neamhachrannach ar an
ngearán a chur san áireamh le linn an Fhiosrúcháin.
17. Chuir Airbnb in iúl gurb amhlaidh, nuair a chláraíonn pearsana aonair le Airbnb, go n-
aontaíonn siad lena Théarmaí Seirbhíse agus go gcuirtear ar an eolas iad faoina Bheartas
Príobháideachais, Luaigh Airbnb gurb amhlaidh, chun críocha an ghearáin agus an
Fhiosrúcháin, go bhfuil na gnéithe ábhartha de na doiciméid sin i gcomhréir, tríd is tríd, leis
na doiciméid sin a bhí i bhfeidhm nuair a chruthaigh an gearánach a gcuntas i mí Eanáir
2018. Chuir Airbnb in iúl go gcoimeádann Airbnb an ceart chun a úsáideoirí, agus an
fhaisnéis a sholáthraíonn a úsáideoirí, a fhíorú de réir mar atá luaite i ranna 16 agus 17 de
na Téarmaí Seirbhíse. Luaigh Airbnb go luaitear i roinn 17 dá Théarmaí Seirbhíse go
bhféadfaidh Airbnb “a iarraidh ort faisnéis faoi chéannacht nó faisnéis eile a sholáthar” agus
“dul faoi sheiceálacha atá ceaptha chun cabhrú le fíorú do chéannachta nó do chúlra”.
Chuir Airbnb in iúl go luaitear, i roinn 2.1 dá Bheartas Príobháideachais, gur gá faisnéis
áirithe a fháil ó úsáideoirí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
“Fíorú Céannachta agus Faisnéis Íocaíochta, amhail do DC mar atá eisithe ag do rialtas
(de réir mar a cheadaítear leis na dlíthe is infheidhme), d’uimhir céannachta nó faisnéis
fíorúcháin eile, faisnéis faoi chuntas bainc nó cuntas íocaíochta”.
18. De bhreis air sin, luaigh Airbnb go luaitear, i roinn 5 dá mBeartas Príobháideachais
forlíontach, go ndírítear pearsana aonair chuig sainleathanach a Ionaid Cabhrach a
bhaineann le cearta ábhar sonraí agus go gcuirtear in iúl do phearsana aonair “go
bhféadfadh sé go n-iarrfaimid ort do chéannacht agus d’iarraidh a fhíorú roimh aon
ghníomh eile a dhéanamh maidir le d’iarraidh”. Chuir Airbnb in iúl go gcuirtear a nósanna
imeachta fíoraithe céannachta i bhfeidhm de réir leasanna dlisteanacha i leith ardán, agus
a úsáideoirí, a choimirciú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh i gcoinne scriosadh
éagórach chuntas Airbnb, de réir Airteagal 5(1)(f) agus Airteagal 6(1)(f) den GDPR. Chuir
Airbnb in iúl go bhfuil cuntais úsáideora ina n-acmhainn thábhachtach ar chúiseanna
éagsúla, lena n-áirítear cúiseanna airgeadais amhail ioncam/slí bheatha agus cúiseanna
a bhaineann le sábháilteacht agus folláine úsáideoirí, mar shampla úsáideoirí a bhíonn ag
brath ar a gcuntas le linn a bheith ag taisteal thar lear. Dhearbhaigh Airbnb gurb amhlaidh,
mar gheall ar an díobháil ar féidir í a dhéanamh don sealbhóir cuntas lena mbaineann agus
do phobal Airbnb i gcoitinne, b’fhéidir, trí iarraidh neamhdhlisteanach nó iarraidh
neamhbhailí de chineál eile a phróiseáil, go raibh sé de cheangal ar Airbnb, an tráth a rinne
an gearánach an iarraidh ar scriosadh, céannacht úsáideora a fhíordheimhniú tar éis
iarraidh ar léirscriosadh a fháil agus, chun na críche sin, úsáid a bhaint as modhanna
sonracha fíordheimhniúcháin. Luaigh Airbnb gur chreid sé go raibh, agus go bhfuil,
fíordheimhniú céannachta úsáideora ar na modhanna sin ina chur chuige réasúnach
pragmatach i leith chosaint agus éascú chearta an duine aonair a airbheartaíonn an
iarraidh ar scriosadh a dhéanamh agus, ag an am céanna, i leith cothromaíocht a aimsiú
idir leasanna an tsealbhóra cuntais a chosaint ar iarrataí caolaoiseacha ar scriosadh agus
pobal Airbnb a chosaint. Chuir Airbnb in iúl go bhfuil níos mó i gceist leis an méid sin ná
nithe teoiriciúla; tá sé léirithe le taighde gur féidir le haiceálaithe iarrataí GDPR a
dhúshaothrú chun díobháil a dhéanamh.1 Chuir Airbnb in iúl go bhfuil athbhreithniú déanta
aige ó shin ar a chuid nósanna imeachta agus ar a chur chuige maidir le fíordheimhniú
iarrataí ar scriosadh a thíolactar trí leas a bhaint as uirlis phríobháideachais ar an ardán
ionas go bhfuil fíordheimhniú déshraithe i measc na bpríomh-mhodhanna
fíordheimhniúcháin.
19. Luaigh Airbnb go bhfuil rioscaí a gabháil le hardán ar líne amhail Airbnb a chur ar fáil,
amhail gníomhaíocht chalaoiseach a ngabhann gníomhaithe mímhacánta di, ar
1 Pavur and Knerr, ‘GDPRrrrr: Using Privacy Laws to Steal Identities’, Blackhat USA 2019 Whitepaper.
gníomhaithe iad a úsáideann modhanna sofaisticiúla go minic chun iarracht a dhéanamh
Airbnb agus a úsáideoirí a mheabhlú agus calaois a dhéanamh orthu. Luaigh Airbnb go
bhfuil an líon mór rioscaí a ghabhann le haithint úsáideoirí ar ardán ar líne, amhail Airbnb,
lena n-áirítear a líon mór gníomhaithe mímhacánta agus an méid mór gníomhaíochta
mailísí a bhíonn ann ar líne, ina chúis mhaith le dícheall , cúram cuí agus réamhchúraimí
a fheidhmiú le linn a bheith ag déileáil leis na cearta tábhachtacha a bhaineann le cuntas
úsáideora agus leis na héifeachtaí dochracha a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar
scriosadh éagórach cuntais.
20. Chuir Airbnb in iúl gurb ionann cóip de dhoiciméad céannachta sholáthar chun iarraidh ar
scriosadh a fhíordheimhniú agus foirm iontaofa cruthúnais céannachta, agus gurb ionann
í agus modh daingean fíordheimhniúcháin nach bhforchuireann ualach díréireach ar an
bpearsa aonair a dhéanann an iarraidh, agus cineál na hiarrata agus na rioscaí atá i gceist
á gcur san áireamh. Luaigh Airbnb go mbaineann cuntais le pearsa aonair ainmnithe agus
aitheanta, agus gurb ionann iarraidh ar dhuine ar mian leis nó léi an cuntas sin a scriosach
DC a thabhairt ar aird lena dhaingniú gurb é/í sealbhóir an chuntais atá i dtrácht agus beart
bailí comhréireach. Luaigh Airbnb go bhfuil a gcur chuige comhchosúil le cur chuige cuid
mhór gnóthaí eile, amhail aerlínte agus óstáin idirnáisiúnta, a iarrann DC ó tharla gur
bealach éasca é chun a dhaingniú go bhfuil pearsa aonair ar leith ina
chustaiméir/custaiméir dá gcuid, fiú amháin más rud é nach gcuireann siad an DC i
gcomparáid le cóip chomhdaithe.. Dhearbhaigh Airbnb gur féidir a mheas go bhfuil fíorú
DC ina nasc fíorasach idir céannacht ar líne agus céannacht as líne agus ina mhodh chun
a shuíomh gurb é/í an phearsa aonair atá i gceist leis an láithreacht ar líne an phearsa
aonair a éilíonn an phearsa aonair sin gurb é/í atá ann le fírinne. Chuir Airbnb in iúl go
bhfuil sé tábhachtach a chur san áireamh gur féidir le scriosadh calaoiseach chuntas
Airbnb a bheith ina chúis le fíor-dhíobháil shuntasach, lena n-áirítear Léirigh Airbnb an
tuairim na rioscaí gan tábhacht na rioscaí sin agus nach mór bearta cuí a dhéanamh chun
aghaidh a thabhairt orthu.
21. I dtaca le luach cruthúnais dhoiciméid DC, luaigh Airbnb gur lú an dóchúlacht go bhfuil
doiciméid DC faighte go neamhdhlisteanach nó atáirgthe go cruinn ar mhodh góchumtha
nó á n-úsáid ar mhaithe le haidhm folaigh ná an dóchúlacht a bheadh i gceist maidir le
faisnéis amhail dintiúir logála isteach a bhfuil rioscaí níos mó ag baint leo maidir le
rochtain/nochtadh agus maidir le hionramháil agus mí-úsáid ag tríú páirtithe, mar shampla
cúbláil ar líne. Chuir Airbnb in iúl gurb ionann seilbh ar dhoiciméad DC ar féidir é a chur i
mbaint le sealbhóir áirithe chuntas Airbnb agus fíorbhonn ar dá réir is féidir a rá gurb é nó
í an t-úsáideoir iarbhír sealbhóir an chuntais. Mar atá luaite thuas, léirigh Airbnb an tuairim
go bhfuil an dearcadh “dea-fhianaise” sin ag líon mór eagraíochtaí agus gnóthaí
idirnáisiúnta seanbhunaithe a oibríonn i dtionscail éagsúla agus in earnálacha éagsúla
tráchtála. Luaigh Airbnb gurb amhlaidh an scéal i gcásanna áirithe freisin go bhféadfadh
rochtain a bheith ag níos mó ná pearsa aonair amháin ar chuntas a cruthaíodh faoi ainm
aon phearsa aonair amháin, mar shampla lánúin a chomhroinneann maoin liostaithe agus
a mbainistíonn an bheirt acu cuntas an óstaigh ainmnithe. Luaigh Airbnb gurb amhlaidh,
sna himthosca sin, nach mór dó a chinntiú go bhfuil sealbhóir ainmnithe an chuntais ag
feidhmiú an chirt chun an cuntas a léirscriosadh agus nach pearsa aonair eile a bhfuil
rochtain aige nó aici ar an gcuntas atá i gceist é nó í. Chuir Airbnb in iúl gurb amhlaidh, i
gcomhthéacs iarrataí ar léirscriosadh a fhíorú, gur chun críoch fíordheimhniúcháin amháin
a iarrann sé cóip de dhoiciméad céannachta.
22. Dhearbhaigh Airbnb gurb amhlaidh, d’ainneoin an mhéid a ráite ag an ngearánach, go
léiríonn a chuid taifead gur uaslódáil an gearánach cóip de dhoiciméad céannachta chuig
an ardán i mí Feabhra 2018, go gairid tar éis clárú leis an ardán. Luaigh Airbnb gur gá dó
bearta dochta sábháilteachta agus slándála a cheapadh, a chothabháil agus a chur i
bhfeidhm i gcomhréir lena oibleagáidí faoin GDPR. Chuir Airbnb in iúl gurb amhlaidh, nuair
nach bhfuil úsáideoir toilteanach nó ábalta doiciméad céannachta a chur ar fáil chun
críoch fíordheimhniúcháin, go rachaidh Airbnb i dteagmháil leis an úsáideoir sin chun
féachaint lena chéannacht nó lena céannacht a fhíorú ar bhealach eile. De bhreis air sin,
chuir Airbnb in iúl go bhfuil uirlis phríobháideachais curtha chun feidhme aige ar an ardán
(an ghné “bainistigh do chuid sonraí”), ar uirlis í a ligeann d’úsáideoirí iarrataí ar scriosadh
a dhéanamh trína gcuntas ar mhodh ina n-úsáidtear fíordheimhniúchán déshraithe DC.
23. Maidir leis an bhfiosrú ó DPC á iarraidh ar Airbnb an t-ábhair amhrais, má bhí a leithéid
ann, faoi chéannacht an ghearánaigh, a leagan amach amhail amhras a d’fhág gur mheas
Airbnb gur dá dó cóip de DC an gearánaigh a iarraidh, chur Airbnb in iúl go raibh cuntas
an ghearánaigh scriosta. Chuir Airbnb in iúl gur fhág scriosadh chuntas an ghearánaigh
go bhfuil sé an-deacair, agus dodhéanta i gcásanna áirithe, labhairt faoi mionsonraí
sonracha an ghearánaigh is ábhar don Fhiosrúchán. Chuir Airbnb in iúl nach raibh sé in
ann, dá bharr sin, aon fhaisnéis eile a sholáthar maidir le hábhar sonrach amhrais a bhí
ag Airbnb an tráth sin i ndáil le céannacht an ghearánaigh.
24. Maidir leis an bhfiosrú ó DPC i dtaobh imthosca ina soláthraíonn Airbnb modhanna eile
d’úsáideoir chun a gcéannacht a fhíorú (i.e. síniú isteach ina gcuntas), agus i dtaobh cén
fáth nach dtairgtear an modh sin d’úsáideoir sa chéad ásc chun a gcéannacht a fhíorú,
chuir Airbnb in iúl gurb amhlaidh, an tráth a rinne an gearánach a n-iarraidh ar scriosadh,
gurb é a bhí i seasamh Airbnb ná gurbh fhearr le Airbnb modhanna eile fíordheimhniúcháin
a úsáid. Luaigh Airbnb gurb amhlaidh, i gcás ina n-ardaíonn úsáideoir ábhar imní agus
nach bhfuil sé nó sí toilteanach nó ábalta cóip dá DC a chur ar fáil chun iarraidh ar
scriosadh a fíordheimhniú, go rachaidh Airbnb i dteagmháil leis an úsáideoir sin chun
féachaint lena chéannacht nó lena céannacht a fhíorú ar bhealach eile. Chuir Airbnb in iúl
go gcuirtear a cleachtas sin i bhfeidhm ar bhonn gach cáis ar leith, agus sin ag brath ar na
fíorais atá i gceist. Chuir Airbnb in iúl go bhfuil uirlis phríobháideachais curtha chun
feidhme aige ar an ardán (an ghné “bainistigh do chuid sonraí”), ar uirlis í a ligeann
d’úsáideoirí iarrataí ar scriosadh a dhéanamh trína gcuntas ar mhodh ina n-úsáidtear
fíordheimhniúchán déshraithe DC mar mhodh malartach fíordheimhniúcháin. Ina theannta
sin, chuir Airbnb in iúl gurb amhlaidh, i gcás ina soláthraíonn cóip dá DC chun a gcéannacht
a fhíorú, go ndéantar na doiciméid chéannachta a sholáthraítear chun iarraidh ar scriosadh
a scriosadh mar chuid den phróiseas scriosta.
25. Chuir Airbnb in iúl go n-úsáideann Airbnb fíorú DC fós ach go bhfuil modh breise
fíordheimhniúcháin tugtha isteach ag Airbnb chun a chuid modhanna fíordheimhnithe
iarrataí ar scriosadh a leathnú. Luaigh Airbnb gur féidir le húsáideoirí atá logáilte isteach
ina gcuntas Airbnb iarrataí ar scriosadh a dhéanamh tríd an ngné “bainistigh do chuid
sonraí”2 ar an ardán. Chuir Airbnb in iúl gurb amhlaidh, maidir le hiarrataí a dhéantar tríd
an uirlis “bainistigh do chuid sonraí”2, go n-iarrtar ar úsáideoirí a n-iarraidh a fhíordheimhniú
trí chód fíordheimhniúcháin a chuirtear chucu ar an bhfón (téacs-teachtaireacht nó glaoch
fóin) nó trí theachtaireacht ríomhphoist a ionchur agus sin ag brath ar mhionsonraí chuntas
an úsáideora lena mbaineann, agus ar a gcuid socruithe agus chuir Airbnb in iúl gurb
amhlaidh, maidir le cás ina ndéantar iarraidh ar scriosadh le ríomhphost, go ndírítear an
phearsa aonair chuig an tairseach “bainistigh do chuid sonraí”. Ach shoiléirigh Airbnb gur
lainseáladh an uirlis sin tar éis don ghearánach a n-iarraidh ar léirscriosadh a dhéanamh.
2 Tá tuilleadh faisnéise i ndáil leis an uirlis sin le fáil i sainleathanach Ionad Cabhrach Airbnb maidir le cearta
ábhar sonraí
26. Maidir lena bhfreagra ar iarraidh an ghearánaigh ar léirscriosadh, chuir Airbnb in iúl go
léiríonn athbhreithniú ar na doiciméid arna soláthar ag DPC i Meitheamh 2020 in éineacht
leis an ngearán go bhfuair Airbnb an iarraidh ar léirscriosadh ar an 17 Lúnasa 2019. Thug
Airbnb dá aire go raibh cóip de theachtaireacht ríomhphoist ó Airbnb chuig an ngearánach
dar dáta an 17 Lúnasa 2019 ann in éineacht leis na doiciméid a bhí curtha ar fáil ag DPC
á dhaingniú go bhfuarthas an iarraidh ar léirscriosadh, ar doiciméad é inar leagadh amach
na bearta fíordheimhniúcháin riachtanacha a bhí le déanamh ag an ngearánach. Luaigh
Airbnb gur fhíordheimhnigh an gearánach an iarraidh ar léirscriosadh sa deireadh ar an 2
Meán Fómhair 2019 (agus tá seat scáileáin den sliocht ábhartha as a chuid taifead le
feiceáil thíos).
Figiúr 1 – Gabháil scáileáin den sliocht ábhartha i dtaifead Airbnb
27. Maidir le hiarraidh an DPC ar shoiléiriú i dtaobh an dáta a cuireadh iarraidh an ghearánaigh
ar léirscriosadh i bhfeidhm agus a scriosadh na sonraí go léir, chuir Airbnb in iúl go bhfuil
próiseas fíortheicniúil i gceist le scriosadh chuntas Airbnb a bhfuil roinnt céimeanna ag
baint leis. Chuir Airbnb in iúl go mbíonn an fad ama a thógann sé chun cuntas a scriosadh
go hiomlán ag brath ar thoirt agus ar chineál na sonraí ar an gcuntas agus, chomh maith
leis sin, ar dhaingniú a bheith faighte ó mheithleacha éagsúla inmheánacha nach gá sonraí
breise áirithe a choimeád de bharr cúiseanna de chineál dlíthiúil nó rialála. Luaigh Airbnb
gur chuir sé an gearánach ar an eolas faoin méid sin.
“Tabhair do d’aire, le do thoil, go dtarlaíonn an próiseas scriosta thar thréimhse ama ar fud
ár gcuid córas. Nílimid in ann daingniú a thabhairt maidir leis an dáta cruinn ar a gcuirfear
aon iarraidh ar leith i gcrích.”
28. Luaigh Airbnb gurb amhlaidh, i gcomhthéacs an ghearáin, nach bhféadfadh sé daingniú a
thabhairt, ar bhonn a chuid taifead, faoin dáta a cuireadh an próiseas scriosta i gcrích.
Luaigh Airbnb go bhfuil próisis scriosta ar leithligh ann le haghaidh taifeadtaí fóin, ar
taifeadtaí iad a scriostar go huathoibríoch ar bhonn timthriallach, mura rud é gur gá do
Airbnb na taifeadtaí sin a choimeád ar chúiseanna sonracha. Chuir Airbnb in iúl gurb
amhlaidh, mar a bhí daingnithe ag Airbnb ina bhfreagra ar DPC dar dáta an 22 Meitheamh
2020 maidir leis an ngearán bunaidh, go raibh gach taifeadadh fóin i leith an ghearánaigh
scriosta faoin tráth sin.
29.Maidir le hiarraidh an ghearánaigh ar rochtain, chuir Airbnb in iúl go léiríonn athbhreithniú
ar na doiciméid arna soláthar ag DPC i Meitheamh 2020 in éineacht leis an ngearán go
bhfuair Airbnb an iarraidh ar rochtain ar an 24 Deireadh Fómhair 2019. Thug Airbnb dá
aire gurb amhlaidh, maidir leis na doiciméid arna soláthar ag DPC in éineacht leis an
ngearán, go bhfuil cóip ann den iarraidh ón ngearánach dar dáta an 24 Deireadh Fómhair
2019. Ina theannta sin, luaigh Airbnb gur léirigh athbhreithniú ar na doiciméid a chuir DPC
ar fáil in éineacht leis an ngearán i Meitheamh 2020 gur thug gníomhaire ar leith de chuid
Airbnb freagra ar an ngearánach ar an 24 Deireadh Fómhair 2019 ach gur
míláimhseáladh/míléiríodh iarraidh an ghearánaigh. Thug Airbnb dá aire gurb amhlaidh,
maidir leis na doiciméid arna soláthar ag DPC in éineacht leis an ngearán, go bhfuil cóip
ann den iarraidh ón ngearánach dar dáta an 24 Deireadh Fómhair 2019. Chuir Airbnb in
iúl gur leagadh na saincheisteanna sin amach ina fhreagra ar an DPC dar dáta an 22
Meitheamh 2020 i leith phróiseas láimhseála an ghearáin agus tá na sleachta ábhartha
leagtha amach thíos mar áis tagartha:
“Ina dhiaidh sin, chuir [ ] teachtaireacht ríomhphoist chuig Airbnb ar an 24 Deireadh
Fómhair 2019 chun rochtain a iarraidh ar na sonraí pearsanta dá cuid a bhí á gcoimeád
tar éis an dáta scriosta. Ar an drochuair, níor tugadh an iarraidh sin don mheitheal
ábhartha mar ábhar tosaíochta. Mar an gcéanna, nuair a chuir [ ] teachtaireachta
ríomhphoist chuig ár meitheal tacaíochta pobail ar an 8 Samhain 2019, níor chuir an
gníomhaire an iarraidh i mbaint le haon cuntas ar leith ós rud é go raibh cuntas [ ]
scriosta cheana féin. Tá cúis an dearmaid sin á himscrúdú againn agus ba mhaith linn
leithscéal a ghabháil le [ ] as aon chiotaí a rinneadh mar gheall ar an earráid seo. Mar
atá luaite thuas tá iarraidh iarscriosta ar rochtain á próiseáil againn anois agus cuirfimid
chuici le ríomhphost ag [ ].”
30. Luaigh Airbnb gur chuir sé comhad na rochtana iarscriosta ar fáil don ghearánach ar an
17 Iúil 2020. Ach ó tharla go raibh an cuntas scriosta ní raibh aon léargas eile le fáil ar ar
tharla mar thoradh ar imscrúduithe Airbnb i leith mhíláimhseáil na hiarrata ar rochtain
iarscriosta.
31. Fuair DPC freagra ón ngearánach tríd ÚCS Bheirlín ar an 19 Iúil 2021. Sa fhreagra sin,
dhaingnigh an gearánach go raibh siad sásta go ndéanfaí an fhaisnéis go léir a bhí curtha
ar fáil acu roimhe sin i gcomhthéacs an phróisis láimhseála gearán a úsáid chun críocha
an fhiosrúcháin. Sa chomhfhreagras uathu, chuir an gearánach in iúl do DPC nár chuir
siad cóip dá DC ar fáil do Airbnb chun críoch céannachta. Chomh maith leis sin, chuir an
gearánach roinnt míreanna comhfhreagrais ar fáil a bhí malartaithe acu le Airbnb.
32. Scríobh DPC chuig Airbnb arís ar an 24 Eanáir 2022. Chuir DPC in iúl gurb amhlaidh, de
bhreis ar na saincheisteanna a bhí curtha in iúl do Airbnb roimhe sin ina Fhógra Tosaithe,
go rabhthas á mheas go raibh an tsaincheist seo a leanas ina cuid den Fhiosrúchán faoi
réim, agus de réir, Alt 110(1) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018:
d) Ar chomhlíon Airbnb a chuid oibleagáidí de réir Airteagal 12 de GDPR i leith na slí
inar láimhseáil sé iarraidh an ghearánaigh ar léirscriosadh agus iarraidh an
ghearánaigh ar rochtain.
Chuir DPC roinnt ceisteanna freisin maidir leis na saincheisteanna atá leagtha amach i
Scóip an Fhiosrúcháin.
33. Chuir Airbnb freagra ar fáil i bhfoirm litreach dar dáta an 07 Feabhra 2022. Maidir le
hiarraidh DPC ar chóip de Théarmaí Seirbhíse, de Bheartas Príobháideachais agus de
Bheartas Príobháideachais Forlíontach Airbnb a bhí i bhfeidhm i mí Eanáir 2018 nuair a
chruthaigh an gearánach a gcuntas tráth a chuir Airbnb in iúl don ghearánach go n-éilíonn
Airbnb ar úsáideoirí cóip de dhoiciméad céannachta arna eisiúint ag an rialtas lena
gcéannacht a fhíorú, chuir Airbnb cóipeanna a théarmaí Seirbhíse agus dá Bheartas
Príobháideachais a bhí i bhfeidhm i mí Eanáir 2018 ar fáil do DPC.
34. Chuir Airbnb in iúl go ndéanann Roinn 2 dá Théarmaí Seirbhíse cur síos a thabhairt ar
chleachtais fíoraithe Airbnb agus go luaitear an méid seo a leanas i Roinn 2.3: “Féadfaidh
Airbnb rochtain ar Ardán Airbnb, nó ar réimsí nó ar ghnéithe áirithe d’Ardán Airbnb, agus
úsáid na nithe sin, a chur faoi réir coinníollacha nó ceanglais áirithe, amhail próiseas
fíorúcháin a chur i gcrích”. Ina theannta sin, chuir Airbnb in iúl go gcuireann Roinn 2.4 dá
Théarmaí Seirbhíse úsáideoirí ar an eolas go bhféadfaidh Airbnb “a iarraidh ar Bhaill
doiciméad céannachta Rialtais nó faisnéis eile a sholáthar nó dul faoi sheiceálacha eile atá
ceaptha chun cabhrú le fíorú céannacht nó cúlra Ball”.
35. Luaigh Airbnb go bhfuil roinnt nochtaí maidir le fíorú céannachta ann ina Bheartas
Príobháideachais, amhail Roinn 1.1 ina luaitear “Fíordheimhniúchán Eile - Faisnéis
Ghaolmhar. Chun cabhrú le timpeallacht iontaofa a chruthú agus a chothabháil,
d’fhéadfadh sé tarlú go mbaileoimid faisnéis chéannachta (amhail grianghraf de do DC mar
atá eisithe chugat ag do Rialtas) nó faisnéis fíordheimhniúcháin eile. Chun tuilleadh eolais
a fháil, féach an t-alt inár nIonad Cabhrach a bhaineann le doiciméad céannachta a
sholáthar”. Ina theannta sin, chuir Airbnb in iúl go bhfuil cur síos le fáil i Roinn 2.2 dá
Bheartas Príobháideachais maidir le cleachtais a úsáidtear chun “Timpeallacht Iontaofa
Níos Sábháilte a Chruthú agus a Chothabháil”, lena n-áirítear bearta chun “Faisnéis nó
doiciméid chéannachta a sholáthraíonn tú a fhíordheimhniú”: Luaigh Airbnb go bhfuil na
nochtaí sin ina gcuid de shraith nochtaí atá ann ar fud ár mbeartas maidir le Téarmaí agus
Príobháideachas agus ina gcuirtear úsáideoirí ar an eolas faoi chúrsaí céannachta.
36. Mar fhreagra ar iarraidh DPC go dtabharfadh Airbnb soiléiriú i dtaobh conas a léiríonn a
chuid taifead gur uaslódáil an gearánach cóip dá ndoiciméad céannachta go gairid tar éis
clárú leis an ardán, chuir Airbnb sliocht páirtfholaithe de chomhad na hiarrata iarscriosta ar
rochtain ar fáil do DPC. Chuir Airbnb in iúl go bhfuil loga-iontráil ann sa sliocht páirtfholaithe
(Fíor 2 thíos) - i ró 73, ar dtús, i dTáb Sonraí Slándála an chomhaid rochtana - agus go
léiríonn sé sin gur uaslódáladh DC rialtais chuig
cuntas logáilte isteach an Ghearánaigh ar an 17 Feabhra 2018. [De bhun iarraidh an
ghearánaigh ar léirscriosadh, léirscrios Airbnb sonraí an ghearánaigh agus, dá bhrí sin,
nach féidir leis a dhaingniú cén cineál DC Rialtais a soláthraíodh an tráth lena mbaineann
agus nach féidir leis ach loga a sholáthar mar fhianaise gur soláthraíodh DC]. Ar an mbonn
go bhfuil gnéithe eile den loga, amhail an seoladh IP atá bainteach le huaslódáil an DC,
ailínithe le logaí a bhaineann le gníomhaíochtaí eile a bhfuil baint acu le cuntas an
Ghearánaigh, chuir Airbnb in iúl go raibh sé muiníneach gurb ionann an loga sin agus
fianaise gur uaslódáil an Gearánach DC Rialtais.
Figiúr 2 – Cóip den loga a léiríonn, dar le Airbnb, gur chuir an gearánach cóip aitheantais ar fáil roimhe seo
37. Chuir Airbnb in iúl gurb amhlaidh, nuair a fhaigheann sé iarraidh ar scriosadh, go
bhféachann sé le céannacht an ábhair sonraí a fhíordheimhniú ar dtús. Chuir Airbnb in iúl
gurb amhlaidh, tar éis don ábhar sonraí a chéannacht nó a céannacht a fhíordheimhniú go
rathúil, go n-úsáideann sé uirlis inmheánach lena dtionscnaítear scriosadh ar fud a chuid
córas a thionscnamh agus lena gcuirtear an scriosadh sin i gcrích. Chuir Airbnb in iúl gurb
amhlaidh, i gcoitinne, go ndéantar cuntas Airbnb a scriosadh go substainteach laistigh de
mhí amháin ón tráth a chuirtear an uirlis i ngníomh, agus go ndéantar sonraí pearsanta
iarmhartacha a scriosadh óna chúlchórais a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de
90 lá ón tráth a chuirtear an próiseas sin i ngníomh. Ina theannta sin, dhaingnigh Airbnb
gurb é atá sa sceideal faisnéise a soláthraíodh don ghearánach mar fhreagra ar “a n-
iarraidh iar-léirscriosta ar rochtain” ná na sonraí pearsanta atá coimeádta ag Airbnb tar éis
iarraidh iar-léir scriosta an ghearánaigh ar rochtain.
38. Maidir le hiarraidh an ghearánaigh ar léirscriosadh, chuir Airbnb in iúl gurb amhlaidh, ar an
17 Lúnasa 2019, go ndeachaigh sé i dteagmháil leis an ngearánach maidir leis na sonraí
céanna [nuair a fuair sé [iarraidh an ghearánaigh ar léirscriosadh] chun a n-iarraidh a
fhíordheimhniú. Chuir Airbnb in iúl gur lean sé de bheith i dteagmháil leo go dtí gur
fíordheimhníodh an iarraidh ar an 02 Meán Fómhair 2019 agus, gurb amhlaidh, ar an lá
céanna, gur fhreagair sé iarraidh an ghearánaigh lena dhaingniú go raibh beart á
dhéanamh aige maidir le hiarraidh an ghearánaigh ar léirscriosadh.
39. Maidir le hiarraidh an ghearánaigh ar rochtain, chuir Airbnb in iúl arís gurb amhlaidh, ar an
drochuair, gur míláimhseáladh an iarraidh sin. Chuir Airbnb in iúl gurb amhlaidh, nuair a
chuir an gearánach teachtaireacht ríomhphoist chuig Airbnb ar an 24 Deireadh Fómhair
2019 chun rochtain ar a sonraí pearsanta a iarraidh, nár cuireadh an iarraidh sin chuig an
meitheal ábhartha mar ábhar tosaíochta. Chuir Airbnb in iúl go ndearnadh iarraidh an
ghearánaigh ar rochtain a phróiseáil sa deireadh ar an 17 Iúil 2020 mar chuid den réiteach
a rabhthas ag iarraidh é a dhéanamh ar an ngearán.
An Réamh-Dhréachtbhreith a chur in iúl do Airbnb
40. Chuir DPC cóip den dréacht-réamhbhreith ar fáil do Airbnb ar an 13 Aibreán 2022 agus
d’iarr sé ar Airbnb aighneachtaí a sholáthar i ndáil le hinneachar na dréacht-réamhbhreith
faoi dheireadh gnó ar an 11 Bealtaine 2022.
41. Trí theachtaireacht ríomhphoist dar dáta an 29 Aibreán 2022, d’iarr Airbnb fadú, go dtí an
25 Bealtaine 2022, ar an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí faoi inneachar na réamh-
dhréachtbhreithe. Le teachtaireacht ríomhphoist ar an 03 Bealtaine 2022, Chuir DPC in iúl
do Airbnb go raibh sé toilteanach an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí faoi inneachar
na réamh-dhréachtbhreith a fhadú go dtí deireadh gnó ar an 20 Bealtaine 2022.
42. D’fhreagair Airbnb DPC trí theachtaireacht ríomhphoist ar an 20 Bealtaine 2022. Ina
fhreagra, chuir Airbnb in iúl go bhfuil a bheartais agus a nósanna imeachta maidir le fíorú
céannachta ceaptha agus a gcur i ngníomh chun ardán agus úsáideoirí Airbnb a chosaint
de réir a oibleagáidí faoin GDPR agus ar mhodh ina n-éascaítear agus ina gcoimircítear
cearta ábhar sonraí. Luaigh Airbnb go n-athbhreithníonn sé a chuid beartas agus nósanna
imeachta go dícheallach lena chinntiú go gcomhlíonann siad na dlíthe go léir is infheidhme,
go léiríonn siad dea-chleachtais an tionscail agus go bhfuil siad i gcomhréir leis an
timpeallacht shóisialta, rialála agus teicneolaíochta ar laistigh di a oibríonn Airbnb agus ar
timpeallacht shíorathraitheach í. Chuir Airbnb DPC ar an eolas gurb amhlaidh, an tráth a
rinne an gearánach a n-iarraidh ar scriosadh, gurbh ionann fíorú DC agus an rogha túslíne
ab fhearr leis chun fíordheimhniúchán a dhéanamh agus gurbh fhearr leis an modh sin ar
chúiseanna slándála agus sábháilteachta a bhaineann le cineál ardán Airbnb. Ach chuir
Airbnb in iúl gurb amhlaidh, de réir thiomantas Airbnb i leith a chleachtais a uasdátú i
gcomhréir le dea-chleachtas agus le hionchais rialála i réimse na cosanta sonraí, go bhfuil
athbhreithniú déanta ag Airbnb ar a chleachtais ó shin ionas gurb é an uirlis “Bainistigh do
shonraí”, agus úsáid fíorúcháin déshraithe, in ionad fíordheimhniú doiciméid céannachta
an príomh-mhodh a úsáideann Airbnb chun iarrataí ar scriosadh a fhíordheimhniú.
43. Maidir le ráiteas Airbnb á rá gurb ionann an cleachtas ar dá réir doiciméad céannachta a
iarraidh chun críoch fíordheimhniúcháin agus “bailiú” de réir bhrí an tsainmhínithe ar
“próiseáil” in Airteagal 4(2) den GDPR, rinne Airbnb an aighneacht seo a leanas. Maidir le
Treoirlínte an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí (“BECS”), dúirt Airbnb go ndéantar na
coincheapa a bhaineann le rialaitheoir agus 3próiseálaí (“na treoirlínte”) leagtha amach
iontu agus go leagann BECS béim ar an ngné seo a leanas den sainmhíniú ar “próiseáil”:
“aon oibríocht nó sraith oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar sraitheanna
sonraí pearsanta”.4 Luaigh Airbnb gurb amhlaidh, maidir le leagan de na Treoirlíne a bhí
ann roimhe seo5, go raibh an tuairisc seo a leanas ar “phróiseáil” le fáil iontu.
“[i]n Airteagal 4(2), sainmhínítear gur coincheap é an phróiseáil ina n-áirítear raon leathan
oibríochtaí, lena n-áirítear, sonraí a bhailiú, a stóráil agus comhairliúchán a dhéanamh ina
leith, sonraí a úsáid, sonraí a scaipeadh nó a chur ar fáil ar slí eile, agus sonraí a dhíothú.
Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin go gcuimsíonn próiseáil gach cineál láimhseála sonraí
3 Treoirlínte 07/2020 maidir leis na coincheapa a bhaineann le rialaitheoir agus próiseálaí agus atá ann sa GDPR,
ar treoirlínte iad a glacadh ar an 7 Iúil 2021.
4 Féach mír 42 de na Treoirlínte.
5 Treoirlínte 07/2020 maidir leis na coincheapanna a bhaineann le rialaitheoir agus próiseálaí agus atá ann sa
GDPR, arna ghlacadh ar an 2 Meán Fómhair 2020 (na “Treoirlínte Bunaidh”).
pearsanta ar féidir smaoineamh orthu.”6
Luaigh Airbnb go léiríonn an méid sin go gceanglaítear le hAirteagal 4(2) go ndéantar an
oibríocht nó an tsraith oibríochtaí “a chur i bhfeidhm” maidir le sonraí pearsanta agus, sa
leagan níos luaithe de na Treoirlínte, gur leag BECS amach an gá go mbeadh “láimhseáil”
iarbhír sonraí pearsanta i gceist leis an oibríocht nó leis an tsraithe oibríochtaí sin.
44. Ina theannta sin, luaigh Airbnb go ndearna údarás maoirseachta na Spáinne, La Agencia
Española de Protección de Datos (“AEPD”), treoirlínte a fhoilsiú i ndáil le cosaint sonraí a
chur i bhfeidhm go huathoibríoch7 agus, sna treoirlínte sin, agus gur luaigh AEPD na
cineálacha gníomhaíochtaí a mheasann sé a bheith ina samplaí de ghníomhaíochtaí a
thagann faoi réim an choincheapa maidir le ‘próiseáil’ faoi Airteagal 4(2) den GDPR 8.
Luaigh Airbnb gur scrúdaigh AEPD an sampla simplithe i leith gníomhaíochtaí a bhaineann
le roghnú pearsanra agus gur tháinig sé ar an tuairim gurb amhlaidh, cé gur féidir a mheas
gurb ionann fáil CV agus “bailiú” na sonraí pearsanta – agus, dá bhrí sin, gurb ionann é
agus próiseáil – nach meastar gurb ionann foilsiú folúntais agus próiseáil. Chun críocha
na breith seo, dhearbhaigh Airbnb gur féidir glacadh foilsiú folúntais mar ní atá analógach
leis an iarraidh ar DC rud a fhágann gurb amhlaidh, sa chás seo, nach bhféadfadh sé gur
tharla an phróiseáil in imthosca ar ina leith nach bfhuair Airbnb aon DC.
45. Chuir Airbnb in iúl gurb amhlaidh, i gcás bhreith BECS maidir le Twitter9, gur rianaigh BECS
réasúnaíocht DPC nuair nár tugadh iomardú do Twitter i leith gníomhaíochtaí
foghabhálacha áirithe a bhain le sárú maidir le sonraí, ar ghníomhaíochtaí iad a luadh ina
leith gur gníomhaíochtaí ábhartha iad chun na gcríoch a bhaineann leis an gcás seo. Chuir
Airbnb an sliocht seo a leanas as mír 139 den bhreith sin ar fáil.
“Ina Dhréacht-Bhreith, mhínigh [DPC] a bhreith gan iomardú a eisiúint trí thagairt a
dhéanamh don argóint a bhí curtha chun cinn ag TIC ina aighneachtaí i ndáil leis an
Réamh-Bhreith, á mhaíomh nach gcuimsíonn na sáruithe ar Airteagal 33(1) agus Airteagal
33(5) den GDPR “oibríochtaí próiseála” agus gurb amhlaidh, in Airteagal 5B(2)(b), go
dtugtar cumhacht d’údaráis mhaoirseachta chun iomardú a thabhairt i gcás inar sáraíodh
forálacha de chuid an GDPR mar thoradh ar oibríochtaí próiseála. Mheas [an DPC] go
bhfuil an téarma ‘oibríocht phróiseála’ [oibríochtaí próiseála] ann 50 uair san GDPR agus
gur dealraitheach é a bheith á úsáid chun tagairt a dhéanamh don tslí ina ndéileáiltear le
sonraí pearsanta a rialaíonn rialaitheoir sonraí iad, nó, lena rá i bhfocail eile, do nithe a
dhéantar do shonraí pearsanta atá á rialú ag rialaitheoir sonraí, ach, ag an am céanna, go
bhfuil an sainmhíniú ar “próiseáil” atá ann sa GDPR an-leathan, rud a fhágann gurb
amhlaidh, ó tharla gurb ionann sárú agus rud a dhéanann difear do shonraí pearsanta, nó
a dhéantar ar shonraí pearsanta, gur féidir a rá gurb é a leanann as sin ná go bhfuil an
oibleagáid maidir le fógra a thabhairt (a mhéid nach mór, mar chuid bunúsach den
oibleagáid sin, scrúdú a dhéanamh i dtaobh cad a tharla do shonraí pearsanta nó conas a
rinneadh difear dóibh) bainteach go dlúth le hoibríocht amháin nó níos mó. Níor mheas [an
DPC] gur gá teacht ar thuairim chríochnaitheach faoi bhrí agus faoi éifeacht an teárma
“oibríochtaí próiseála” sa Dréacht-Bhreith ach, “tar éis gach rud a bhreithniú”, mheas sé
gurbh ionann argóint dlí TIC ina ‘argóint insonraithe’ ar dá réir a tugadh breith gan dul ar
6 Féach mír 77 de na Treoirlínte Bunaidh.
7 https://www.aepd.es/sites/default/files/2020/gia-proteccion/datos-por-defecto-en.pdf
8 Leathanach 10 de threoirlínte AEPD.
9 BECS – Cinneadh 01/2020 maidir leis an díospóid a d’éirigh i ndáil le dréacht-bhreith Údarás Maoirseachta na
hÉireann i leith Twitter International Company faoi Airteagal 65(1)(a) GDPR, arna ghlacadh ar an 9 Samhain
2020.
aghaidh agus iomardú a thabhairt do TIC.”
46. Luaigh Airbnb gurbh é ba bhonn le tuairim DPC gurb ionann iarraidh ar DC agus “próiseáil”,
de réir bhrí Airteagal 4(2) den GDPR, doiléir agus nach ndealraíonn sí a bheith i gcomhréir
leis an tuiscint chomhchoiteann ar an gcoincheap ar dá réir atá gá le sonraí pearsanta a
fháil nó ar rochtain a fháil ar shonraí pearsanta. D’ainneoin gur iarradh ar an ngearánach
DC a chur ar fáil chun a n-iarraidh a fhíordheimhniú, luaigh Airbnb, maidir leis an gcás
láithreach, nár cuireadh ar fáil riamh é, rud a d’fhág nach amhlaidh, le fírinne, gur tharla an
phróiseáil ar cuireadh amhras ina leith,
47. I bhfianaise an mhéid sin thuas, d’aighnigh Airbnb gurb amhlaidh, maidir leis an iarraidh a
rinneadh ar an ngearánach DC a chur ar fáil chun a n-iarraidh ar scriosadh a
fhíordheimhniú, nach bhféadfaí a mheas, le réasún, go gcuimsíonn sé “próiseáil” de réir
bhrí Airteagal 4(2) den GDPR agus, dá bhrí sin, nach féidir, de réir na bhfíoras, seasamh
ar aon chinneadh go ndearnadh sárú.
48. Bhreithnigh DPC aighneachtaí Airbnb a bhreithniú go cúramach le linn an bhreith seo a
thabhairt.
An Réamh-Dhréachtbhreith a chur in iúl don Ghearánach
49. Thug DPC cóip den réamh-dhréachtbhreith don ghearánach trí ÚCS Bheirlín ar an 13
Bealtaine 2022. Ina litir, d’iarr DPC ar an ngearánach a gcuid aighneachtaí maidir leis an
réamh-dhréachtbhreith a sholáthar laistigh le 2 sheachtain ón dáta a fuarthas an litir tar éis
do ÚCS Bheirlín í a chur ar fáil.
50. Chuaigh DPC i dteagmháil le ÚCS Bheirlín trí IMI ar an 23 Bealtaine 2022 chun a iarraidh
orthu daingniú a thabhairt maidir leis an dáta a rinneadh an comhfhreagras a bhí curtha
ar fáil ag DPC ar an 13 Bealtaine 2022 a eisiúint chuig an ngearánach.
51. D’fhreagair ÚCS Bheirlín ceist DPC trí IMI ar an 27 Bealtaine 2022 á rá go raibh an réamh-
dhréachtbhreith á aistriú fós agus go gcuirfeadh sé DPC ar an eolas nuair atá na doiciméid
go léir curtha chuig an ngearánach. Chuir ÚCS Bheirlín in iúl go raibh muinín aige go
ndéanfadh sé amhlaidh faoin 13 Meitheamh faoin 13 Meitheamh 2022.
52. Chuir ÚCS Bheirlín freagra eile ar fáil ar an 09 Meitheamh á rá gurb amhlaidh, de bharr
ualach mór oibre a bheith ann san oifig, nach raibh an comhfhreagras agus an réamh-
dhréachtbhreith a bhí seolta ag DPC ar an 13 Bealtaine 2022 curtha ar fáil don ghearánach
fós.
53. D’eisigh DPC comhfhreagras chuig ÚCS Bheirlín ar an 28 Meitheamh 2022 chun a chuir
in iúl do ÚCS Bheirlín gurb amhlaidh, a bhí curtha in iúl sa litir chlúdaigh a soláthraíodh do
ÚCS ar an 23 Bealtaine 2022, go raibh amlíne shonrach, mar atá dhá sheachtain tar éis
an litir a bheith eisithe, tugtha don ghearánach ag DPC, ar amlíne í ar laistigh di a bhí
aighneachtaí le déanamh faoi ábhar na réamh-dhréachtbhreith le go bhféadfaí nós
imeachta imeachta Airteagal a chur i bhfeidhm maidir leis an réamh-dhréachtbhreith. Chuir
DPC in iúl freisin gurb amhlaidh, maidir leis dréacht-litir, a tugadh don ghearánach, gur
dhúirt DPC go ndéanfadh DPC, i gcás nach bhfaigheadh sé scéala ón ngearánach laistigh
den teorainn ama sin, tús a chur le bailchríoch a chur ar an dréacht-bhreith agus go
soláthródh sé an bhreith sin do na hÚdaráis Mhaoirseachta lena mbaineann, i gcomhréir
le hAirteagal 60 den GDPR. Chuir DPC in iúl gurb amhlaidh, amhail ar dháta a
chomhfhreagrais, nach raibh aon aighneachtaí faighte ón ábhar sonraí faoi ábhar na
réamh-dhréachtbhreithe. Chuir DPC in iúl do ÚCS Bheirlín gurb amhlaidh, ós rud é go
raibh 6 seachtaine caite anois ón tráth a cuireadh an litir chlúdaigh agus an réamh-
dhréachtbhreith ar fáil do ÚCS Bheirlín, go raibh sé beartaithe ag DPC anois bailchríoch a
chur ar an dréacht-bhreith agus an dréacht-bhreith sin a scaipeadh ar na hÚdaráis
Mhaoirseachta lena mbaineann ar an 08 Iúil 2022 nó dá éis, i gcomhréir le hAirteagal 60
den GDPR.
54. Ní bhfuair DPC aon fhreagra ar a chomhfhreagras le ÚCS Bheirlín.
Agóidí agus Tuairimí Ábhartha Réasúnaithe ó “údaráis mhaoirseachta lena
mbaineann”.
55. Tar éis an dréachtchinneadh a tharchur chuig “na húdaráis mhaoirseachta lena
mbaineann” ar an 20 Iúil 2022, i gcomhréir le hAirteagal 60(3) den GDPR, ní bhfuair DPC
aon agóidí ábhartha nó aon agóidí réasúnaithe faoi Airteagal 60(4). Fuarthas tuairimí faoin
dréacht-chinneadh ó Choimisinéir Bheirlín um Chosaint Sonraí agus Saoráil Faisnéise
(“ÚCS Bheirlín”) agus ó Autoriteit Persoonsgegevens
(“ÚCS na hÍsiltíre”) ach ní raibh sé sonraithe ina leith go raibh siad ina n-agóidí foirmiúla.
56. Bhreithnigh DPC tuairimí ÚCS-anna Bheirlín agus na hÍsiltíre go cúramach. Ach níor
mheas DPC gur ghá an dréacht-chinneadh a athrú i bhfianaise na dtuairimí sin.
An Dlí is Infheidhme
57. Chun críocha a scrúdaithe agus a mheasúnaithe ar an ngearán seo, bhreithnigh DPC na
hAirteagail seo a leanas den GDPR:
• Airteagal 5
• Airteagal 6
• Airteagal 12
• Airteagal 15
• Airteagal 17
Torthaí an Fhiosrúcháin
Saincheist A - Líomhain an ghearánaigh nach raibh bonn dlíthiúil le cóip dá DC a
iarraidh chun a gcéannacht a fhíorú i gcás iarraidh ar léirscriosadh a bheith déanta
acu de bhun Airteagal 17;
58. Maidir le sonraí pearsanta, luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 5(1)(a) den
GDPR:”déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i
ndáil leis an ábhair sonraí.”
59. Chuir Airbnb in iúl go bhfuil a nósanna imeachtaí fíoraithe céannachta ann chun ardán agus
úsáideoirí Airbnb a chosaint de réir a oibleagáidí faoin GDPR agus ar mhodh ina n-
éascaítear agus ina gcoimircítear cearta ábhar sonraí faoin GDPR. Chuir Airbnb in iúl gurb
amhlaidh, nuair a chláraíonn pearsana aonair le Airbnb, go n-aontaíonn siad lena Théarmaí
Seirbhíse agus go gcuirtear ar an eolas iad faoina Bheartas Príobháideachais, Chuir Airbnb
in iúl go gcoimeádann Airbnb an ceart chun a úsáideoirí, agus an fhaisnéis a sholáthraíonn
a úsáideoirí, a fhíorú de réir mar atá luaite i ranna 16 agus 17 de na Téarmaí Seirbhíse.
Luaigh Airbnb go luaitear i roinn 17 dá Théarmaí Seirbhíse go bhféadfaidh Airbnb “a
iarraidh ort faisnéis faoi chéannacht nó faisnéis eile a sholáthar” agus “dul faoi sheiceálacha
atá ceaptha chun cabhrú le fíorú do chéannachta nó do chúlra”. Ach, sa chóip de na
Téarmaí Seirbhíse (a bhfuil “Uasdátaithe go deireanach marcáilte: 19 Meitheamh 2017”) a
bhí i bhfeidhm an tráth a chruthaigh an gearánach a gcuntas Airbnb (agus ar chuir Airbnb
ar fáil do DPC í) níl aon tagairt den sórt sin ann i roinn 16 nó 17 don ionchas go n-iarrfaidh
Airbnb ar úsáideoir doiciméad céannachta a sholáthar chun críoch seiceálacha cúlra.
60. I Roinn 2.3 de na Téarmaí Seirbhíse a chuir Airbnb ar fáil (agus ar chuir Airbnb in iúl ina
leith go raibh siad i bhfeidhm an tráth a chruthaigh Airbnb a gcuntas), luaitear an méid seo
a leanas:
“Féadfaidh Airbnb rochtain ar Ardán Airbnb, agus úsáid an ardáin sin, nó réimsí nó gnéithe
áirithe de chuid Ardán Airbnb, a chur faoi réir coinníollacha nó ceanglais áirithe, amhail dul
faoi phróiseas fíorúcháin, critéir shonracha a chomhlíonadh maidir le cáilíocht nó
incháilitheacht, tairseacha Rátála nó Athbhreithnithe a chomhlíonadh, nó stair maidir le
háirithint agus cealú.” Ina theannta sin, luaitear an méid seo a leanas i Roinn 2.4 de na
Téarmaí Seirbhíse: “Tá sé deacair fíorú úsáideora a dhéanamh ar an Idirlíon agus ní
ghlacaimid le haon fhreagracht as daingniú chéannacht aon Bhall. D’ainneoin an mhéid
sin thuas, is amhlaidh, chun críoch trédhearcachta agus coiscthe calaoise, agus de réir
mar a cheadaítear leis na dlíthe is infheidhme, féadfaimid, agus níl aon oibleagáid orainn,
(i) a iarraidh ar Bhaill doiciméad céannachta rialtais nó faisnéis eile a chur ar fáil nó
seiceálacha breise a dhéanamh atá ceaptha chun cabhrú le fíorú chéannachtaí nó chúlraí
na mBaill lena mbaineann a fhíorú, (ii) scagadh a dhéanamh ar Bhaill i gcomparáid le
bunachair shonraí tríú páirtí nó foinsí eile agus tuarascálacha a iarraidh ar sholáthraithe
seirbhíse, agus (iii) i gcás faisnéis dhóthanach a bheith againn chun Ball a aithint,
tuarascálacha a fháil ó thaifid phoiblí maidir le ciontuithe coiriúla nó ó chláruithe ciontóra
ghnéasaigh nó ó leagan coibhéiseach de sheiceálacha cláruithe ciontóra ghnéasaigh i do
dhlínse áitiúil (má tá a leithéid ar fáil).”
61. Chuir Airbnb in iúl go luaitear, i roinn 2.1 dá Bheartas Príobháideachais, gur gá faisnéis
áirithe a fháil ó úsáideoirí, lena n-áirítear an méid seo a leanas: “Faisnéis maidir le Fíorú
Céannachta agus maidir le hÍocaíochtaí, amhail do DC mar atá eisithe ag do rialtas (de
réir mar a cheadaítear leis na dlíthe is infheidhme), d’uimhir céannachta nó faisnéis
fíorúcháin eile, faisnéis faoi chuntas bainc nó cuntas íocaíochta”. De bhreis air sin, luaigh
Airbnb go luaitear, i roinn 5 dá mBeartas Príobháideachais forlíontach, go ndírítear
pearsana aonair chuig sainleathanach a Ionaid Cabhrach a bhaineann le cearta ábhar
sonraí agus go gcuirtear in iúl do phearsana aonair “go bhféadfadh sé go n-iarrfaimid ort
do chéannacht agus d’iarraidh a fhíorú roimh aon ghníomh eile a dhéanamh maidir le
d’iarraidh”. Ach, sa chóip den Ráiteas Príobháideachais (a bhfuil “Uasdátaithe go
deireanach: 19 Meitheamh 2017” marcáilte air) a bhí i bhfeidhm an tráth a chruthaigh an
gearánach a gcuntas Airbnb (agus a chuir Airbnb ar fáil d’fhiosrúchán DPC), níl aon tagairt
ann i roinn 2.1 á rá go n-iarrfadh Airbnb ar úsáideoir DC a sholáthar d’fhonn céannacht a
fhíorú.
62. Luaitear an méid seo a leanas i Roinn 1.1 den Ráiteas Príobháideachais a chuir Airbnb ar
fáil (agus ar chuir Airbnb in iúl ina leith go raibh sé i bhfeidhm an tráth a chruthaigh an
gearánach a gcuntas): ‘Chun gnéithe áirithe laistigh d’Ardán Airbnb a úsáid, d’fhéadfadh
sé go n-iarrfaimid ort próifíl a chruthú ar próifíl í a bhféadfadh do sheoladh, d’uimhir
theileafóin agus d’inscne a bheith san áireamh inti. Tá codanna áirithe de do phróifíl
(amhail do phictiúr, do chéadainm agus do chur síos) le fáil ar do leathanach próifíle poiblí
agus beidh siad ar fáil go poiblí do dhaoine eile.
• Faisnéis eile a bhaineann le Fíordheimhniú Chun cabhrú le timpeallacht iontaofa a
chruthú agus a chothabháil, d’fhéadfadh sé tarlú go mbaileoimid faisnéis chéannachta
(amhail grianghraf de do DC mar atá eisithe chugat ag do Rialtas) nó faisnéis
fíordheimhniúcháin eile.
Maidir leis na fógraí sin thuas a bhí ar fáil ar láithreán gréasáin Airbnb an tráth a chruthaigh
an gearánach a gcuntas, tá DPC den tuairim go raibh fógra faighte ag an ngearánach go
bhféadfadh sé go n-iarrfaí orthu a gcéannacht a fhíorú. Ach tá an DPC den tuairim nár
chuir na fógraí thuas in iúl d’úsáideoirí gur cheanglas éigeantach é cóip de DC a sholáthar
d’fhonn a gcéannacht a fhíorú.
63. In Airteagal 4(2) den GDPR sainmhínítear "próiseáil" mar "aon oibríocht nó aon sraith
d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí
mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú,
struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí
scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh,
léirscriosadh nó díothú.”
64. In Airteagal 5(1)(c) den GDPR luaitear an méid seo a leanas: “[Maidir le sonraí pearsanta]
... beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá
ndéantar iad a phróiseáil.”. In Airteagal 6(1)(f) den GDPR luaitear “nach mbeidh próiseáil
sonraí pearsanta dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann
díobh seo a leanas ar a laghad: .... “is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha na
leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, seachas i gcás ina
mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta bunúsacha agus ar
shaoirsí bunúsacha an ábhair sonraí, lena gceanglaítear go ndéanfar sonraí pearsanta a
chosaint, go háirithe más leanbh é an t-ábhar sonraí.”. Ina theannta sin, luaitear an méid
seo a leanas in Airteagal 12(6) den GDPR: "Gan dochar d'Airteagal 11, i gcás ina bhfuil an
rialaitheoir réasúnta amhrasach maidir le céannacht an duine nádúrtha a dhéanann an
iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 15 go dtí Airteagal 21, féadfaidh an rialaitheoir a iarraidh
go soláthrófaí tuilleadh faisnéise, ar gá í chun go ndeimhneofaí céannacht an ábhair
sonraí. "
65. Tugann DPC dá aire go bhfuil sé luaite ag Airbnb ina chuid aighneachtaí faoin réamh-
dhréachtchinneadh nach bhféadfaí a mheas gurb ionann an iarraidh ar chóip de DC agus
“próiseáil”, mar atá sainmhínithe faoi Airteagal 4(2) den GDPR, i gcás nár chuir an t-ábhar
sonraí aon DC mar fhreagra ar an iarraidh ó Airbnb. í aontaíonn DPC le Airbnb maidir leis
an bpointe sin. Measann DPC gurb ionann agus bailiú sonraí pearsanta é a chur faoi deara
gur ceanglas éigeantach é DC fótagrafach a chur ar fáil le go bhféadfadh an t-ábhar sonraí
sa chás seo a gcearta a fheidhmiú de bhun Airteagal 17 den GDPR. Is “próiseáil” é sin de
réir an tsainmhínithe atá leagtha amach in Airteagal 4(2) den GDPR.
66. Tugann DPC dá Aire gur mhaígh Airbnb gurb é an leas dlisteanach a shaothraigh an
rialaitheoir an bonn dleathach le cóip de DC a iarraidh chun céannacht úsáideora a fhíorú
ar mhaithe le coimirciú a dhéanamh in aghaidh scriosadh éagórach chuntas Airbnb i
gcomhréir le hAirteagal 5(1)(f) agus Airteagal 6(1)(f) den GDPR. Cé go measann DPC go
bhfuil leas dlisteanach ann maidir le Airbnb deimhin a dhéanamh de nach scriosann sé
cuntas úsdáideora go héagórach, is amhlaidh, sa chás seo, nach bhfuil sé léirithe go
leordhóthanach ag Airbnb don fhiosrúchán seo go raibh gá leis an iarraidh ar chóip de
dheimhniú céannachta fótagrafach duine, nó go raibh iarraidh den sórt sin comhréireach, i
gcás inar iarr Airbnb ar an ngearánach cóip dá ndeimhniú céannachta fótagrafach a chur
ar fáil chun a n-iarraidh ar léirscriosadh a phróiseáil cé go raibh Airbnb ábalta modhanna
eile a thairiscint don ghearánach chun a gcéannacht a fhíorú. Tá DPC den tuairim go raibh
réitigh eile ar fáil do Airbnb an tráth sin a d’fhágfadh nach mbeadh gá le deimhniú
céannachta fótagrafach a chur ar fáil. Níor tugadh aon fhianaise don fhiosrúchán seo lena
thaispeáint go ndearna Airbnb iarracht i dtosach báire chun leas a bhaint as na huirlisí a
bhí aige cheana féin, amhail ligean don ghearánach a gcéannacht a fhíorú trí logáil isteach
ina gcuntas [mar a rinne Airbnb ina dhiaidh sin nuair a dhiúltaigh an t-ábhar sonraí cóip dá
ndeimhniú céannachta a chur ar fáil].
67. Tugann an DPC dá aire go raibh an gearánach a gcéannacht a fhíorú do Airbnb ina dhiaidh
sin gan aon ghá le DC a sholáthar [trí logáil isteach ina gcuntas], tar éis diúltú cóip dá
ndeimhniú céannachta fótagrafach a chur ar fáil]. Ach tá DPC den tuairim gurb ionann
agus bailiú sonraí pearsanta é a chur faoi deara gur ceanglas éigeantach é DC fótagrafach
a chur ar fáil le go bhféadfadh an t-ábhar sonraí sa chás seo a gcearta a fheidhmiú de
bhun Airteagal 17 den GDPR. Ba “próiseáil” é sin de réir an tsainmhínithe atá leagtha
amach in Airteagal 4(2) den GDPR. Sa chás seo, ní mheasann DPC gurb ionann an leas
dlisteanach a shaothraigh an rialaitheoir agus bonn dleathach bailí, faoi Airteagal 6, le
haghaidh na gníomhaíochta sonraí próiseála sonraí sin.
68. Cé go bhfuil sé tugtha do m’aire agam gur chuir Airbnb in iúl nach raibh sé in ann aon
fhaisnéis eile a chur ar fáil maidir le haon ábhair shonracha amhrais a bhí ag Airbnb an
tráth sin maidir le céannacht an ghearánaigh ó tharla fo raibh a cuntas scriosta, measann
DPC nach bhfuil sé léirithe go leordhóthanach ag Airbnb don fhiosrúchán seo go raibh
amhras réasúnach aige sa chás seo i dtaobh chéannacht an ghearánaigh le go mbeadh
cúis aige le faisnéis bhreise i bhfoirm deimhniú céannachta fótagrafach a sholáthar chun
a gcéannacht a dhaingniú. Ina theannta sin, ní mheasann DPC go raibh gá leis an iarraidh
ar DC, ná go raibh sí comhréireach, i gcás gur iarr úsáideoir go léirscriosadh a sonraí
pearsanta, go háirithe i gcás ina raibh roghanna nach raibh ag brath chomh mór sin ar
shonraí ar fáil do Airbnb chun céannacht gearánaigh a dhaingniú. Dá réir sin, níl sé léirithe
go leordhóthanach ag Airbnb go raibh sé réasúnta amhrasach maidir le céannacht an
úsáideora i gcomhréir le hAirteagal 12(6).
69. Tá sé cinnte ag DPC gurbh ionann ceanglas Airbnb á iarraidh ar an ngearánach a
gcéannacht a fhíorú ar mhodh cóip dá ndeimhniú céannachta fótagrafach a
sholáthar agus sárú ar phrionsabal an íoslaghdaithe sonraí de bhun Airteagal 5(1)(c)
den GDPR. Tharla an sárú sin in imthosca ina raibh réitigh nach raibh ag brath
chomh mór sin ar shonraí ar fáil do Airbnb chun céannacht a fhíorú.
70. Tá sé cinnte ag Airbnb nach bhfuil sé léirithe ag Airbnb go raibh ábhair réasúnacha
amhrais ann maidir le céannacht an ghearánaigh le go mbeadh gá le hAirteagal 12(6) den
GDPR a chur i bhfeidhm.
71. Tá sé cinnte ag DPC gurb amhlaidh, in imthosca sonracha an ghearáin seo, nach
ionann an leas dlisteanach a shaothraigh an rialaitheoir agus bonn dleathach bailí,
faoi Airteagal 6 den GDPR, chun cóip de dheimhniú céannachta fótagrafach an
ghearánaigh a lorg ar mhaithe lena n-iarraidh ar léirscriosadh a phróiseáil.
Saincheist B - An raibh láimhseáil Airbnb i leith iarraidh an ghearánaigh ar
léirscriosadh comhlíontach i dtaca leis an GDPR agus i dtaca leis an Acht
72. Rinne an t-ábhar sonraí gearán freisin maidir le láimhseáil a n-iarrata ar scriosadh ag
Airbnb. Dhearbhaigh an gearánach gur mhainnigh Airbnb iarraidh ar léirscriosadh arna
chur faoina bhráid ag an ngearánach a chomhlíonadh go cuí. Dhearbhaigh an gearánach
nár thug Airbnb freagra ar a n-iarraidh laistigh den tréimhse reachtúil.
73. De réir Airteagal 17 den GDPR tá ábhar sonraí i dteideal “go léirscriosfaidh rialaitheoir
sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill míchuí”.
74. Tugann DPC dá aire go ndearna an gearánach iarraidh dhleathach ar léirscriosadh de
bhun Airteagal 17 den GDPR chuig Airbnb ar an 17 Lúnasa 2019. Thug Airbnb freagra don
ghearánach le ríomhphost ar an 17 Lúnasa 2019 á rá gur ghá don ghearánach a
gcéannacht a fhíorú chun a n-iarraidh ar léirscriosadh a chur ar aghaidh. Nuair a dhiúltaigh
an gearánach cóip dá ndeimhniú céannachta a chur ar fáil, chuir Airbnb modh malartach
ar fáil don ghearánach chun a gcéannacht a fhíorú, is é sin, logáil isteach ina gcuntas
Airbnb. Fíoraíodh céannacht an ghearánaigh trí logáil isteach sa chuntas ar an 02 Meán
Fómhair 2019 agus, ar an dáta sin, chuir Airbnb tús le léirscriosadh shonraí pearsanta an
ghearánaigh. Dhaingnigh Airbnb, le teachtaireacht ríomhphoist dar dáta an 24 Deireadh
Fómhair 2019, go raibh sonraí pearsanta an ghearánaigh scriosta aige.
75. Ar an mbonn go ndearna Airbnb, tar éis iarraidh an ghearánaigh ar scriosadh a fháil,
freagra a thabhairt láithreach don ghearánach agus gur iarr sé ar an ngearánach a
gcéannacht a fhíorú agus gur iarr sé ar an ngearánach a gcéannacht a fhíorú agus gurb
amhlaidh, nuair a dhiúltaigh an gearánach cóip dá DC a chur ar fáil, gur chuir sé modh eile
ar fáil don ghearánach chun a gcéannacht a fhíorú agus gur ghníomhaigh sé chun an
iarraidh ar léirscriosadh a chur i bhfeidhm an lá céanna a fíoraíodh céannacht an
ghearánaigh, measann DPC nach raibh aon mhoil mhíchuí ann maidir le freagra a thabhairt
ar iarraidh an ghearánaigh ar léirscriosadh.
76. Ar bhonn na bhfíoras agus ar an anailís atá leagtha amach thuas, tá sé cinnte ag DPC
nár sháraigh DPC Airteagal 17(1) den GDPR le linn iarraidh an ghearánaigh ar
léirscriosadh a láimhseáil.
Saincheist C - An raibh láimhseáil iarraidh an ghearánaigh ar rochtain ag Airbnb
comhlíontach i dtaca leis an GDPR agus i dtaca leis an Acht de.
77. Rinne an t-ábhar sonraí gearán freisin maidir le láimhseáil a n-iarrata ar scriosadh ag
Airbnb. Dhearbhaigh an gearánach gur mhainnigh Airbnb an iarraidh ar rochtain arna cur
faoina bhráid ag an ngearánach a chomhlíonadh go cuí. Dhearbhaigh an gearánach nár
thug Airbnb freagra ar a n-iarraidh laistigh den tréimhse reachtúil.
78. Dhearbhaigh an gearánach do DPC go ndearna siad iarraidh ar rochtain ar a sonraí
pearsanta a chur faoi bhráid Airbnb le ríomhphost ar an 02 Meán Fómhair 2019. Tá scrúdú
déanta ag DPC ar an aistriúchán Béarla (arna chur ar fáil dó ag ÚCS Bheirlín) ar
theachtaireachtaí ríomhphoist an ábhair sonraí dar dáta 02 Meán Fómhair 2019 agus 24
Deireadh Fómhair 2019. Seo a leanas an leagan aistrithe de theachtaireacht ríomhphoist
an ábhair sonraí dar dáta 02 Meán Fómhair 2019:
“Hello
I have logged in - I have already told you this on Fri/Sat. Everything I have posted in it
is no longer visible TO ME. I now expect a written confirmation from you that you have
deleted my data, photos and voice irrevocably and not passed on, only then is the
issue of data protection closed for me. Because it is completely implausible to me that
everything has now been deleted without my intervention, for which you would
previously have needed my identification data
Yours sincerely-
Seo a leanas teachtaireacht ríomhphoist an ábhair sonraí dar dáta an 24 Deireadh Fómhair 2019:
"Dear Airbnb staff,
Now that the 4-week period you needed to delete my data has expired, I would like to
ask you for access to data pursuant to Art. 15 of the GDPR, to be sent to me within
one month. If the information shows that not all of my data has been deleted, I will take
further steps. The deletion also concerns photos and my voice that you have recorded
for the purpose of deletion.
With kind regards
[ ]”
Cé go dtugann an DPC faoi deara nach bhfuil aon mhodh sonrach leagtha amach sa
GDPR chun iarraidh bhailí a dhéanamh ar rochtain, measann DPC gur ceart iarraidh ar
rochtain a bheith sách soiléir le go mbeadh an rialaitheoir sonraí gníomhú ina leith. Tá sé
an-soiléir ón aistriúchán Béarla ar an teachtaireacht ríomhphoist dar dáta 02 Méan
Fómhair 2019 go raibh an t-ábhar sonraí ag iarraidh, sa teachtaireacht ríomhphoist sin,
daingniú a fháil ó Airbnb gur scrios Airbnb a gcuid sonraí pearsanta ar scór na hiarrata ar
léirscriosadh a rinne siad ar an 17 Lúnasa 2019. Mar an gcéanna, tá sé an-soiléir ón
aistriúchán Béarla ar an teachtaireacht ríomhphoist dar dáta an 24 Deireadh Fómhair 2019
go raibh iarraidh ar rochtain á dhéanamh an tráth sin, ós rud é go raibh an tréimhse ceithre
seachtaine chun a sonraí pearsanta a scriosadh imithe in éag, mar mhodh chun daingniú
a fháil go raibh a sonraí go léir scriosta ag Airbnb agus lean an t-ábhair sonraí ar aghaidh
chun a rá gurb amhlaidh, i gcás go léireodh an iarraidh nár scriosadh na sonraí go léir, go
ndéanfaidís bearta eile. Dá bhrí sin, measann DPC go ndearna an t-ábhar sonraí a n-
iarraidh ó ábhar sonraí ar rochtain a thaisceadh le Airbnb ar an 24 Deireadh Fómhair 2019
agus nárbh ionann an teachtaireacht ríomhphoist a chuir an t-ábhar sonraí chuig Airbnb ar
an 02 Meán Fómhair 2019 agus iarraidh ó ábhar sonraí ar rochtain ach gur teachtaireacht
ríomhphoist bhreise a bhí ann chun daingniú a lorg á rá gur chuir Airbnb an iarraidh ar
léirscriosadh i bhfeidhm
79. Le linn an fhiosrúcháin seo, chuir Airbnb in iúl do DPC nár tarchuireadh iarraidh an
ghearánaigh dar dáta an 24 Deireadh Fómhair 2019 chuig an meitheal ábhartha mar ábhar
tosaíochta. Chuir an gearánach in iúl gurb amhlaidh, nuair a chuir an gearánach
teachtaireacht ríomhphoist chuig meitheal tacaíochta pobail Airbnb, nár chuir an
gníomhaire an iarraidh i mbaint le haon chuntas ar leith ós rud é go raibh cuntas an
ghearánaigh scriosta cheana féin.
80. Luaigh Airbnb gur chuir sé comhad na rochtana iarscriosta ar fáil don ghearánach ar an 17
Iúil 2020. Ach ó tharla go raibh an cuntas scriosta ní raibh aon léargas eile le fáil ar ar tharla
mar thoradh ar imscrúduithe Airbnb i leith mhíláimhseáil na hiarrata ar rochtain iarscriosta.
81. Déantar foráil le hAirteagal 15 den RDCS maidir le ceart a bheith ag ábhar sonraí deimhniú
a fháil ón rialaitheoir i dtaobh an bhfuil, nó nach bhfuil, sonraí pearsanta a bhaineann leis
nó léi a bpróiseáil agus, i gcás go bhfuil sé sin á dhéanamh, rochtain a fháil ar na sonraí.
Ina theannta sin, luaitear in Airteagal 15 den GDPR go soláthróidh an rialaitheoir cóip de
na sonraí pearsanta a bhfuil próiseáil á déanamh orthu. Sa chás seo, tharla moill mhór idir
an dáta a fuair Airbnb an iarraidh ar rochtain ar an 24 Deireadh Fómhair 2019 agus an dáta
a soláthraíodh an comhad rochtana don ábhar sonraí ar an 17 Iúil 2020. Déantar an mhoill
sin a scrúdú tuilleadh thíos i gcomhthéacs Airteagal 12(3) den GDPR.
Saincheist D: Ar chomhlíon Airbnb a chuid oibleagáidí de réir Airteagal 12 den GDPR
i leith na slí inar láimhseáil sé iarraidh an ghearánaigh ar léirscriosadh agus iarraidh
an ghearánaigh ar rochtain.
82. Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 12(3) den GDPR: “Soláthróidh an
rialaitheoir faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht a rinneadh i dtaca le hiarraidh faoi
Airteagal 15 go hAirteagal 22 don ábhar sonraí agus déanfaidh sé sin gan mhoill mhíchuí
agus in aon chás laistigh d'aon mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Féadfar an tréimhse
sin a shíneadh dhá mhí eile ar a mhéid nuair is gá, agus castacht agus líon na n-iarrataí
á gcur san áireamh. Cuirfidh an rialaitheoir an ábhair sonraí ar an eolas faoi aon síneadh
den sórt sin mar aon leis na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de mhí amháin tar éis
an iarraidh a fháil. I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí an iarraidh i bhfoirm leictreonach,
cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach, i gcás inarb indéanta sin, mura rud é go
n-iarrann an t-ábhar sonraí a mhalairt. Ina theannta sin, luaitear an méid seo a leanas in
Airteagal 14(4) den RDCS: “Mura ndéanann an rialaitheoir aon ghníomhaíocht arna
hiarraidh sin don ábhar sonraí,
cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas gan mhoill agus ar a dhéanaí laistigh
d'aon mhí amháin ón iarraidh a fháil, faoi na cúiseanna nach ndearnadh aon gníomhaíocht
agus cuirfidh sé ar an eolas é faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh le údarás
maoirseachta agus leigheas breithiúnach a lorg.”
Iarraidh ar Léirscriosadh
83.Maidir le hiarraidh an ghearánaigh ar léirscriosadh de bhun Airteagal 17 den GDPR,
tugann DPC dá aire go ndearna an gearánach a n-iarraidh chuig Airbnb ar an 17 Lúnasa
2019. Tugann DPC dá Aire gur thug Airbnb freagra don ghearánach le ríomhphost ar an
17 Lúnasa 2019 á rá gur ghá don ghearánach a gcéannacht a fhíorú chun a n-iarraidh ar
léirscriosadh a chur ar aghaidh. Tugann DPC dá Aire gurb amhlaidh, nuair a dhiúltaigh an
gearánach cóip dá ndeimhniú céannachta a chur ar fáil, gur chuir Airbnb modh malartach
ar fáil don ghearánach chun a gcéannacht a fhíorú, is é sin, logáil isteach ina gcuntas
Airbnb. Tugann DPC dá aire gur fíoraíodh céannacht an ghearánaigh trí logáil isteach sa
chuntas ar an 02 Meán Fómhair 2019 agus, ar an dáta sin, chuir Airbnb tús le léirscriosadh
shonraí pearsanta an ghearánaigh. Tharla na gníomhartha sin laistigh d’aon mhí amháin
ón iarraidh ar léirscriosadh a fháil. Dá bhrí sin, rinneadh oibleagáid an rialaitheora maidir
le faisnéis a thabhairt don ábhar sonraí i ndáil leis an mbeart a bhí déanta a chomhlíonadh
laistigh den tréimhse aon mhí amháin atá leagtha síos in Airteagal 12(3) den GDPR.
Dhaingnigh Airbnb, le teachtaireacht ríomhphoist dar dáta an 24 Deireadh Fómhair 2019,
go raibh sonraí pearsanta an ghearánaigh scriosta aige.
84. Ar bhonn an méid sin thuas, measann DPC go ndearna Airbnb faisnéis maidir leis
an mbeart a rinneadh i ndáil lena n-iarraidh ar léirscriosadh a thabhairt don
ghearánach laistigh d’aon mhí amháin ón tráth a fuarthas an iarraidh. Dá bhrí sin, tá
sé cinnte ag Airbnb nár sháraigh Airbnb Airteagal 12(3) i leith na slí inar láimhseáil
sé iarraidh an ghearánaigh ar léirscriosadh.
Iarraidh ar Rochtain
85. Maidir le hiarraidh an ghearánaigh ar rochtain de bhun Airteagal 15 den GDPR, tugann
DPC dá aire go ndearna an gearánach a n-iarraidh chuig Airbnb ar an 24 Deireadh Fómhair
2019. Tugann DPC dá aire nár thug an rialaitheoir rochtain don ghearánach ar a sonraí
pearsanta go dtí an 17 Iúil 2020. Ina theannta sin, rinne an gearánach a n-iarraidh ar
rochtain ar an 24 Deireadh Fómhair 2019 agus ní dhearna Airbnb an beart a rinneadh
maidir lena n-iarraidh in iúl don ghearánach go dtí go ndearna Airbnb cóip dá sonraí
pearsanta a chur ar fáil don ghearánach ar an 17 Iúil 2020. Sa chás seo, ní dhearna an
rialaitheoir an ceanglas atá ann in Airteagal 12(3) maidir le comhlíonadh a dhéanamh
laistigh d’aon mhí amháin ón tráth a fhaightear an iarraidh a chomhlíonadh.
86. Ar bhonn an mhéid sin thuas, tá sé cinnte ag DPC gur sháraigh Airbnb Airteagal
12(3) den GDPR a mhéid a bhaineann le láimhseáil iarraidh an iarratasóra ar rochtain
ag Airbnb, Tharla an sárú sin nuair a mhainnigh Airbnb faisnéis a thabhairt don
ghearánach maidir leis an mbeart a rinneadh i ndáil lena n-iarraidh laistigh d’aon
mhí amháin ón tráth a bhfuarthas an iarraidh ar rochtain.
Cinneadh maidir le sáruithe ar an GDPR
87. Tar éis an imscrúdaithe ar an ngearán i gcoinne Airbnb Ireland UC, tá DPC den tuairim gur
sháraigh Airbnb Ireland UC an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí mar a leanas:
88. Airteagal 5(1)(c) den GDPR
Tá sé cinnte ag DPC gurbh ionann ceanglas Airbnb á iarraidh ar an ngearánach a
gcéannacht a fhíorú ar mhodh cóip dá ndeimhniú céannachta fótagrafach a sholáthar
agus sárú ar phrionsabal an íoslaghdaithe sonraí de bhun Airteagal 5(1)(c) den GDPR.
Tharla an sárú sin in imthosca ina raibh réitigh nach raibh ag brath chomh mór céanna ar
shonraí ar fáil do Airbnb chun céannacht a fhíorú.
89. Airteagal 6(1) den GDPR
Tá sé cinnte ag DPC gurb amhlaidh, in imthosca sonracha an ghearáin seo, nach ionann
an leas dlisteanach a shaothraigh an rialaitheoir agus bonn dleathach bailí, faoi Airteagal
6 den GDPR, chun cóip de dheimhniú céannachta fótagrafach an ghearánaigh a lorg ar
mhaithe lena n-iarraidh ar léirscriosadh a phróiseáil.
90. Airteagal 12(3) den GDPR
Tá sé cinnte ag DPC gur sháraigh Airbnb Airteagal 12(3) den GDPR a mhéid a bhaineann
le láimhseáil iarraidh an iarratasóra ar rochtain ag Airbnb. Tharla an sárú sin nuair a
mhainnigh Airbnb faisnéis a thabhairt don ghearánach maidir leis an mbeart a rinneadh i
ndáil lena n-iarraidh laistigh d’aon mhí amháin ón tráth a bhfuarthas an iarraidh ar rochtain.
Bearta feabhais atá déanta ag Airbnb Ireland UC
91. A mhéid a bhaineann le hiarraidh an ghearánaigh ar rochtain ar a sonraí pearsanta, ar
iarraidh í a rinneadh ar an 24 Deireadh Fómhair 2019 de bhun Airteagal 15 den RDCS,
tá sé tugtha dár n-aire gur chuir Airbnb rochtain ar fáil ar shonraí pearsanta an
ghearánaigh sa deireadh, cé nár cuireadh cóip dá sonraí ar fáil don ghearánach go dí an
17 Iúil 2020. Ina theannta sin, chuir Airbnb in iúl do DPC go raibh athbhreithniú á
dhéanamh aige ar a chuid próiseas lena chinntiú nach láimhseálfaí le hiarraidh ar rochtain
ar an modh céanna sa todhchaí.
Feidhmiú Cumhacht Cheartaitheach ag an DPC
92. Le linn cinneadh a dhéanamh maidir leis na cumhachtaí ceartaitheacha a bhféadfaí iad a
fheidhmiú i leith na sáruithe ar an GDPR a leagtar amach thuas, tá aird chuí tugtha agam
ar chumhacht an Choimisinéara chun fíneálacha riaracháin a fhorchur de bhun Alt 141
d’Acht 2018. o háirithe, tá breithniú déanta agam ar na critéir atá leagtha amach on
Airteagal 83(2)(a)-(k) den GDPR. Le linn cumhachtaí ceartaitheacha a fhorchur, tá
oibleagáid orm bearta atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a roghnú mar
fhreagairt do na sáruithe atá i gceist. Ní mór an mheasúnacht i dtaobh cad atá éifeachtach,
comhréireach agus athchomhairleach a dhéanamh i gcomhthéacs an chuspóra atá á
shaothrú leis na bearta ceartaitheacha, mar shampla, comhlíonadh an GDPR a athbhunú
nó iompar neamhdhleathach a phionósú (nó an dá rud sin a dhéanamh)10. Tá sé cinnte
agam nach mbeadh forchur fíneála riaracháin riachtanach, comhréireach agus
athchomhairleach sna himthosca atá i gceist i ndáil leis na sáruithe ar Airteagail de chuid
an GDPR mar atá leagtha amach thuas. Ina theannta sin, chuir mé san áireamh nach
dealraitheach gur tharla an mhoill le déileáil leis an iarraidh ar rochtain mar gheall ar shraith
chórasach saincheisteanna ach gur tharla sí, go háirithe in imthosca an cháis seo, mar
gheall ar nithe amhail míláimhseáil iarraidh an ghearánaigh ar rochtain ar thaobh Airbnb.
Ar na cúiseanna atá leagtha amach, tá sé cinnte agam nach ceart aon fhíneáil phionósach
a fhorchur i leith na sáruithe lena mbaineann. Ach tá sé cinnte agam gur gá do Airbnb
athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartais agus ar a nósanna imeachta inmheánacha maidir
10 Féach foilseachán na Meithle Cosanta Sonraí ar Airteagal 29 dar teideal Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm
fíneálacha riaracháin, agus fíneálacha riaracháin a shocrú, chun críocha Rialachán 2016/679, ar leathanach 11.
le láimhseáil iarrataí ar léirscriosadh lena chinntiú nach gá d’ábhair shonraí cóip de DC
fótagrafach a chur ar fáil a thuilleadh nuair atá iarrataí á ndéanamh ar léirscriosadh sonraí
mura rud é gur féidir bunús dlí a thaispeáint le DC fótagrafach den sórt sin a lorg. Ó tharla
gur scriosadh sonraí pearsanta an ábhair sonraí, tá sé cinnte agam nach gá aon ordú a
thabhairt don rialaitheoir sonraí chun iarraidh an ábhair sonraí ar léirscriosadh a
chomhlíonadh. Ina theannta sin, ó tharla go bhfuil cóip dá sonraí pearsanta faighte ag an
ábhar sonraí ó Airbnb, tá sé cinnte agam nach gá aon ordú a thabhairt don rialaitheoir
sonraí chun iarraidh an ábhair sonraí ar rochtain a chomhlíonadh.
93. I bhfianaise líon na sáruithe atá sainaitheanta thuas, eisíonn DPC, leis seo, iomardú
chuig Airbnb Ireland UC de bhun Airteagal 58(2)(b) den GDPR.
94. I bhfianaise an tsáraithe ar Airteagal 5(1)(c) i gcás an ábhair sonraí seo, is gá don
rialaitheoir a oibríochtaí próiseála sonraí a chur faoi deara go gcomhlíonann siad
Airteagal 5(1)(c) chun sáruithe comhchosúla a sheachaint i gcás ábhair shonraí
amach anseo in imthosca comhchosúla. Dá réir sin, ordaíonn DPC do Airbnb leis
seo athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartais agus ar a nósanna imeachta
inmheánacha i ndáil le láimhseáil iarrataí ar léirscriosadh chun a chinntiú nach n-
iarrtar ar ábhair shonraí cóip de DC fótagrafach a chur ar fáil a thuilleadh nuair atá
iarrataí ar léirscriosadh á ndéanamh acu, mura rud é gur féidir bunús dlí bailí a
thaispeáint i ndáil le DC fótagrafach den sórt sin a lorg. Rinneadh an t-ordú sin de
bhun Airteagal 58(2)(d) den GDPR agus iarrtar ar Airbnb mionsonraí faoina bheartais
agus nósanna imeachta inmheánacha a chur ar fáil do GDPR faoin Aoine, an 04
Samhain 2022.
Leigheasanna breithiúnacha i leith chinneadh DPC
95. I gcomhréir le hAirteagal 78 den GDPR, tá an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlíthiúil
chun leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcoinne cinneadh a dhéanann údarás
maoirseachta agus atá ina cheangal de réir dlí. De bhun Alt 150(5) den Acht, féadfaidh
ábhar sonraí nó aon duine eile (lena n-áirítear rialaitheoir sonraí) a ndéanann breith ó DPC
difear dó nó di, ar breith í lena ngabhann ceangal dlí, achomharc i gcoinne na breithe a
dhéanamh chuig Cúirt Chuarda na hÉireann nó chuig Ard-Chúirt na hÉireann laistigh de
28 lá ón tráth a fhaightear fógra faoin mbreith sin. Féadfar achomharc a dhéanamh freisin
laistigh de 28 lá ón dáta a fhaightear fógra ó rialaitheoir sonraí: faoi Alt 150(1), i gcoinne
fógra forfheidhmiúcháin agus/nó fógra faisnéise ó DPC i gcoinne an rialaitheora sonraí a
eisiúint; agus, faoi Alt 142, i gcoinne DPC do dhéanamh aon fhíneáil riaracháin a fhorchur
air nó uirthi.
~
Arna shíniú:
Tony Delaney
Leas-Choimisinéir
Thar ceann an Choimisinéara um Chosaint Sonraí